11 Deireadh Fómhair 2016

Sreabhchairt, leagan beta


“Is dóigh liom [gur / gurb /gurbh] …”


07 Meán Fómhair 2016

An Dúch Arís


D'fhág an scríobhaí an gearán seo ag barr an leathanaigh (f. 7v) sa lámhscríbhinn 23 P26 de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, ar a dtugtar Leabhar Chaillín (Book of Fenagh).


Is feochair lenn a buachalla dortad


mo duib daib. conid aire sin rob egan


dam dub oili fri cl-uib daoithin do …

Is borb linn, a bhuachaillí, dortadh mo dhúigh daoibh [= gur dhoirt sibh mo dhúch] ionas gurbh éigean dom dúch uile … dóthain do … 

Is cosúil go raibh ar an scríobhaí níos mó dúigh a dhéanamh, ach níl mé cinnte céard is ciall le “fri cl~uib daoithin” agus tá deireadh na habairte in easnamh.

31 Iúil 2016

Lúnasa, a bhia


Mí na bhfeoilséantóirí é Mí Lúnasa, agus an chéad lá de go háirithe.  Tá sé scríofa! Rinne mé aistriúchán nua inniu den rann atá i gceist. Seo é.

Lúnasa, abair céard is dual dó
gach bliain amach anseo go deo:
blaiseadh gach toradh is mó clú,
luibheanna lusach’ ar Lá Lú.

Seo é an t-eagrán a rinne Kuno Meyer ó dhá leagan éagsúla den téacs:

Lugnassad, luaid a hada
cecha bliadna ceinmara,
fromad cech toraid co m-blaid,
biad lusraid la Lugnasaid.



LS Rawlinson B. 512, fol. 98v, col. 2


Scríobh mé blagmhír eile ar an lá seo agus ar an mbia a ghabhann leis cúpla bliain ó shin anseo.



07 Márta 2016

sáile agus fual



Seo aiste gairid as an LS 72.1.2 (f.116r) i Leabharlann Náisiúnta na hAlba. Míníonn sé an fáth a bhfuil uisce na farraige goirt agus fual an duine searbh de réir thuiscint na 16ú haoise.  

An Tras-scríobh

Ase ni o tic sailltecht uisgi na fairrgi .i. ona harrsaigecht fein 7 o shirbualadh na dtonn fo na cl[a]chaibh 7 o sirsiubal na greine riamh os a cind 7 o innarbhadh na codach is millse da huisge aisti do theasbach na greine oir tairrigid teas na greinne in rann is seimhe 7 is millse d'uisge na fairrgi s[o?] anell[_?] anair 7 is de sin do nithear an drucht 7 an fertain 7 an sneachta 7 in cloichsnechta 7 fagur tshis in rann is truime 7 is talmhe 7 is seirbe.  7 is o[n] nadur céadna bis fual in duine searbh oir in toibecht do ni an grian os cind na fairrgi is e sin doni linn ruadh os cind an fhuail ag sithlodh 7 ag tairraing na rann seimh uada agus araile.

An t-Athscríobh i Nua-Ghaeilge
(a bheag nó a mhór)

Is é ní óna dtagann saillteacht uisce na farraige .i. óna hársaíocht féin agus ó shíorbhualadh na dtonnta faoi na clocha agus ó shíorshiúl na gréine riamh os a cionn agus ó ionnarbadh na coda is milse dá huisce aisti de theaspach na gréine óir tarraingíonn teas na gréine in roinn is séimhe agus is milse d'uisce na farraige seo (ar shiúl?) agus is de sin a dhéantar an drúcht agus an fhearthainn agus an sneachta agus an chloch sneachta agus fágtar thíos an roinn is troime agus is talmhaí agus is seirbhe.  Agus is ón nádúr céanna a bhíonn fual an duine searbh óir an tobhach a dhéanann an ghrian os cionn na farraige is é sin a dhéanann lionn rua os cionn an fhuail ag síothlú agus ag tarraing na rann séimh uaithi srl.

Tá mé faoi chomaoin ag Sharon Arbuthnot as an ngiorrachán thíos a scaoileadh dom: .l.r. = lionn rua .i. choler.



25 Feabhra 2016

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas



An bunleagan le Lewis Carroll, agus dhá aistriúchán Gaeilge curtha i gcomórtas le chéile. Tá an chéad cheann le Nicholas Williams agus an dara ceann le Pádraig Ó Cadhla. Evertype Publishing a chuir an dá leagan i gcló.  Tá siad ar fáil ó Amazon.com, i measc áiteanna eile.

“In that direction,” the Cat said, waving its right paw around, “lives a Hatter: and in that direction,” waving the other paw, “lives a March Hare. Visit either you like: they’re both mad.”

“An bealach sin,” a dúirt an Cat agus é ag bagairt a lapa dheis, “tá cónaí ar Haitéir: agus an bealach sin,” agus é ag bagairt an lapa eile, “tá cónaí ar Ghiorria Márta. Tabhair cuairt ar cibé duine acu is mian leat: tá siad as a meabhair beirt.”


Cónaíonn an Haitéir ansin,” arsa an Cat, ag ardú lapa leis, “agus Giorria Márta siar ansin,” ag ardú an lapa eile leis. “Téigh ag féachaint éinne acu is maith leat: tá siad araon as a meabhair.”

“But I don’t want to go among mad people,” Alice remarked.

“Ach nílim ag iarraidh dul i measc daoine atá as a meabhair,” a dúirt Eilís.

“Ach ní maith liom a bheith i measc daoine a bhíonn as a meabhair,” arsa Eibhlís.

“Oh, you can’t help that,” said the Cat: “we’re all mad here. I’m mad. You’re mad.”

“Níl leigheas agat air sin, arú,” a dúirt an Cat. “Táimid go léir as ár meabhair anseo. Tá mise as mo mheabhair. Tá tusa as do mheabhair.”

“Ó, níl leigheas agat air sin,” arsa an Cat, “tá gach éinne as a mheabhair anseo. Táimse as mo mheabhair. Tá tusa as do mheabhair.”

“How do you know I’m mad?” said Alice.

“Conas atá a fhios agat go bhfuil mise as mo mheabhair?” a d’fhiafraigh Eilís.

“Conas tá a fhios agat go bhfuilimse as mo mheabhair?” arsa Eibhlís.

“You must be,” said the Cat, “or you wouldn't have come here.”

“Caithfidh go bhfuil tú as do mheabhair,” a dúirt an Cat, “nó ní thiocfá anseo sa chéad áit.”

“Tá tú gan dabht,” arsa an Cat, “agus murach go bhfuil tú ní anseo a bheifeá.”

13 Feabhra 2016

bandacht

Tá cúnamh ag teastáil uaim leis an ortha seo!

Tá ortha ag bun an leathanaigh 129v sa LS 72.1.2 in Leabharlann Náisiúnta na hAlba. Deir an cuntas catalóige gurb é atá ann ná "charm to protect the vulva, beg. Bir Bran ar leor meor."

Tá an chéad chuid dá bhfuil scríofa sách éasca a léamh:

bir * bran * ar * leor * meor* Scríb so an slait caotrainn 7 cuir fo cosib mna 7 ni fathar banndacht …

Níl mé cinnte ach is dóigh liom gur leagan malartach de "faightear" is ea "fathar".

Ach maidir leis an gcuid eile de, ní féidir liom bun nó barr a dhéanamh de:

ortha grá



Seo ortha grá ón lámhscríbhinn 72.1.2, f. 33r i Leabharlann Náisiúnta na hAlba. 

Mo thras-scríobh: 


Ataid annso 4 litreacha agus gibe scribhus an slait iad agus in be
an do bualadh di agus carfaidh si thu .i. ioch. ceh. heo. non

Is cosúil nach bhfuil le déanamh agat ach na litreacha ioch ceh heo non a scríobhadh ar shlat agus bean a bhualadh léi agus tabharfaidh sí grá duit!  Maidir leis na litreacha, tá mé dall orthu.  An féidir gur litreacha oghaim atá i gceist?