02 Meitheamh 2009

Cé leis na súile seo?


Thóg mé an pictiúr seo aréir nuair a bhí an lá ag diúltadh dá sholas.


Agus na cinn seo, thóg mé ar maidin iad ón deic -- an deic chéanna a bhfuil an water feature uirthi.  Bhí an créatúr suite ar an tsnaidhm mhór sa saileach shilte seo mar a bhfuil trí chraobh táite le chéile.


10 comments:

  1. Bingo! Ceann sách mór freisin.

    ReplyDelete
  2. Baswn i wedi deud mai súile Branwen oedden nhw. ;)

    ReplyDelete
  3. Oh, phooey. Blodeuwedd, nid Branwen!

    ReplyDelete
  4. Blodeuwedd? O! Tuigim anois! Chuir Gwydion i riocht ulchabháin í tar éis di feall a imirt ar a fear.

    ReplyDelete
  5. Sin míniú maith eile! Sweeny a bheas agam air amach anseo. Thaithigh sé an crann sin an samhradh seo caite freisin. Tá sé níos mó i mbliana. Tá cuma bheathaithe air!

    ReplyDelete
  6. Bruscar folláin a bhíonn ar fáil ag do theachsa, is dócha.

    ReplyDelete
  7. Gan trácht ar na héisc órga sa linn bheag sa chlós!

    ReplyDelete
  8. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete