26 Meitheamh 2009

oróit arís



Níor baineadh a lán úsáide as an bhfocal seo taobh amuigh den fhoirmle Oróit do XOróit ar X.  Feictear an litriú oráit sách luath freisin.  Tá an sampla deas seo de le fáil i nóta imill in Lebor na hUidre (lch 37):

Orait do Moel Mhuiri mac Ceileachair, mac meic Cuind na mbocht, ro scrib 7 ro scrút a lebraib egsamlaib in lebur sa.

 Guígí ar son MMmcC 7c, a scríobh agus a scrúdaigh as leabhair éagsúla an leabhar seo.

Dá mbeadh orm leac a thoghadh le haghaidh m'uaighe féin, bheinn an-sásta leis na focail Oróit do Donnchad scríofa sna seanlitreacha atá le feiceáil ar na leaca i gCluain Mhic Nóis.  Ach is créamadh agus scaipeadh an luaithrigh atá ar intinn agamsa.

2 comments:

  1. Tig leat leac cuimhneacháin a bheith agat gan bheith faoi. Is deas an smaoineamh é.

    Oróit dúinn ar fad sna saolta crua seo - ní dhéanfaidh sé aon dochair!

    ReplyDelete
  2. Is féidir "Oróit do Chách" a rá -- nó a scríobh, ar aon nós -- len é a choinneáil i Sean-Ghaeilge. Is maith liom é sin. Bheadh sé an-deas ar bhratach úrnaí!

    ReplyDelete