30 Meitheamh 2009

ortha na deilge


Scríobhadh an ortha seo, in éindí le dhá cheann eile, ar leathanach breise sa Stowe Missal, leabhar aifrinn i Laidin ón naoú haois.  Chuir Stokes agus Strachan in eagar í in Thesaurus Palaeohibernicus (1903) mar a leanas:



Macc saele án tofasci delc;

Mac seile án (lonrach, glórmhar) a tharraingíonn amach dealg; 

nip hon, hip ainim, nip att, nip galar, nib crú cruach, nip loch liach, nip aupaith; 

Ná raibh máchail, ná ainimh, ná at, ná galar, ná cneá fhuilteach, ná loch (neascóid) pianmhar, ná draíocht ann;

líi grene frisben att, benith galar.

Lí gréine a leigheasann at, a bhuaileann galar.

Tá mé réasúnta cinnte, áfach, tar éis forméadúchán den téacs lámhscríofa a ghrinniú, go bhfuil dhá mheancóg san eagrán a rinne Stokes agus Strachan. Tá an scríbhinn caite doiléir ar láimh chlé na leathanaigh:


Séard a fheicim anseo thuas, in áit “M[ac]c saele”, ná “Mo s(h)aele” = mo sheile.  Tá mé cinnte nach ‘c’ í an dara litir.  Is aisteach iad na focail “macc saele / mac seile / son of spit”.  Shíl Heinrich Zimmer (Zeitschrift für Vergleichende Sprachforschung, 1887) gur chiallaigh siad “salve”, agus chuir sé “mac imreasan”, “mac alla” agus “mac eorna” i gcomparáid leo.  Ach ní fhaightear “macc saele” áit ar bith eile sa teanga, go bhfios dom.  Ar an láimh eile, bhíodh an nós ann seile a úsáid mar íocshláinte in éindí le hortha nó briocht.

Agus anseo, in áit “(nip loch) liach, nip aupaith”, is “(nip loch) liach; mo aupaith” a fheicimse, i.e. “mo ortha” in áit “ná raibh draíocht ann”. “Ortha” nó “briocht” an chiall a bhí le “aupaith”, agus ceann a bhí applied externally (DIL). Creidim go ndéanann na focail “mo aupaith” tagairt don tseile agus do na focail seo uilig, agus go háirithe do na focail dheireanacha “lí gréine a leigheasann at, a bhuaileann galar”.

Seo é mo léamh ar an téacs:

Mo ṡaele án tofasci delc;
nip hon, hip ainim, nip att, nip galar, nib crú cruach, nip loch liach; 
mo aupaith, líi grene frisben att, benith galar.

Mo sheile án a tharraingíonn amach dealg;
Ná raibh máchail, ná ainimh, ná at, ná galar, ná cneá fhuilteach, ná loch pianmhar ann;
Mo bhriocht, lí gréine a leigheasann at, a bhuaileann galar.

7 comments:

  1. Coinnigh ort ag cur an ábhair seo ar fáil, a Dennis - tá an-spéis agam ann.

    ReplyDelete
  2. Seile

    Ar ndóigh, is iontach an íocshláinte í an tseile. Gan trácht ar na heinsímí díleá, tá ar a laghad dhá shubstaint inti a rachadh chun tairbhe créachta mar atá ‘lysozyme’ agus Epidermal Growth Factor (EGF). Is einsím í Lysozyme a ídíonn scannán baictéir sa chaoi go lagaítear é agus maidir le EGF cuireann sé luas le cneasú créachta. Féach ar chat ar bith a bhfuil créacht ina lapa, é á lí de shíor. Maith thú as an athléamh a rinne tú.

    ReplyDelete
  3. Déanfaidh mé mo dhícheall, a Thaidhg. Níl a lán orthaí ann, ach tá cúpla ceann eile atá sách suimiúil. Chuir mé cuid den ábhar seo ar fáil ar an idirlíon cheana féin, i mBéarla:

    http://www.sengoidelc.com/category/1/17

    Bheinn an-sásta iad a phlé i nGaeilge chomh maith. Abair liom má fheiceann tú aon rud ansin a bhfuil spéis ar leith agat ann. Ar cheart dom leanúint orm leis na sleachta as Sanas Cormaic? Tá iontrálacha níos faide ann a bhfuil scéilíní iontu.

    Agus go raibh maith agat as an eolas sin, a Sheáin! Léigh mé tamall ó shin nach féidir le HIV fanacht beo i seile ach oiread. Fuair mé é seo anois díreach a bhuí le Google:

    http://www.mcld.co.uk/hiv/?q=HIV%20and%20saliva

    ReplyDelete
  4. HIV agus Seile

    Right, Denis:

    Tá roinnt de na haltanna sin léite agam agus tá easpa cruinnis le feiceáil iontu. Is fíor nach bhfanfadh an víreas nocht féin slán i seile ach ní hé sin iomlán an scéil. Is istigh i gcill a ‘mhaireann’ mórchuid den víreas agus tá an tseicin mhúcasach (mucous membrane) iontach tréscaoilteach (permeable) toisc í a bheith á athnuachan de shíor. Ceann de na slite is éifeachtaí chun drugaí áirithe a chur ar fáil don chorp ná trí phaiste béalseicine (buccal patch). Fadhb eile le roinnt de na haltanna faoi ‘Seile agus HIV’ ná gur ag tástáil do antashubstaint i gcoinne an víris a bhíonn na heolaithe. Tá raidhse antashubstaint i seile ach mar is eol dúinn, is lag mar chosaint i gcoinne an víris na hantashubstaintí céanna.

    ReplyDelete
  5. Tá súil agam go mbeidh breis eolais dúinn faoi seo ag Liz, atá bord ar bord leis an taighde seo mura bhfuil dul amú orm.

    ReplyDelete
  6. Mar a dúirt Seán, tá einsímí maith sa seile a choinníon na bactéir faoi smacht. Ach níl an scéal chomh simpli sin.
    Tá ‘biofilms’ againn ar na fiacla, teanga, srl agus fásann go leor leor bactéir iontu. Déanann cuid díobh dochar dúinn. Lobhann siad ár bhfiacla, mar shampla.
    Agus má bhuaileann fear fear eile sa bhéal lena dhorn, gheobhaidh sé galar an-dona má fhulaing sé fiú gearradh beag bídeach ina mhéara ó fhiacla an namhad. Chonaic mé fear a rinne sin fiche bliain ó shin. D’at a lámh go mór agus b’éigean don mhainlia cuid dá lámh a ghearradh amach. Téann na bactéir go gasta ó mhéara go huillean mar gheall ar anatamaíocht an duine.

    Seo chugaibh ón alt “Updated U.S. Public Health Service Guidelines for the Management of Occupational Exposures to HBV, HCV, and HIV and Recommendations for Postexposure Prophylaxis” 2001 --

    “Feces, nasal secretions, saliva, sputum, sweat, tears, urine, and vomitus are not considered potentially infectious unless they contain blood. The risk for transmission of HBV, HCV, and HIV infection from these fluids and materials is extremely low.”

    Cé nach bhfuil an víreas HIV sa cac, níl cac glan. Tá leath a mheáchain tirim déanta de bhactéir.

    Ach tá rud eile i gceist -- nós na ndaoine. Rugadh tuismitheorí mo sheanshean mháthar in Eirinn. Dúirt mo mháthair dom gur chuir a sheanmháthair seo a seile ar phis agus bhrúigh an phis ar fhaithne. Tá náire orm a rá go gcreideann mo mháthair féin i neart an leighis sin fós agus déanann sí é.
    Bhreathnaigh mé ar an leabhar ‘Handbook of Irish Folklore’ agus d’aimsigh mé mar leigheas:
    “Burns and scalds: spittle of a person who has licked a lizard when young .... stye in the eye...fasting spittle”

    ReplyDelete
  7. Go raibh maith agat, Liz. Ar ligh tú laghairt riamh?

    ReplyDelete