03 Meitheamh 2009

An rann eile


Seo é an dara rann a bhfuil baint aige leis an gcat geal a chuaigh i bhfiáin.  Níl mé céad faoin gcéad cinnte faoin eagarthóireacht ná faoin aistriúchán, ach rinne mé mo dhícheall:

Is amal sin drochduine
aile do rér a thoile;
ó dogní tú duine de
atá lái uait do drochduine.

Is amhlaidh sin, drochdhuine
eile a réir a thoile;
ó rinne tú duine de [.i. ó tháinig tú in inmhe?]
tá lé agat le drochdhuine.

3 comments:

  1. Tuige nár scríobh sé "drochdhuine" leis an séimhiú ar an duine?
    Cá raibh an ponc os cionn d ?

    Léigh mé nach raibh na scríobhaithe ró-dílis do ghramadach na teanga agus an Leabhar Mór Leacain á scríobh.
    Dréacht Ghiolla Íosa ar aon nós.

    ReplyDelete
  2. An mbeadh an léamh
    [an] uile de réir do thoile
    ann?

    Bheadh níos mó céille ag baint leis sin, sílim.

    ReplyDelete
  3. Níl ponc os cionn an 'd' - ceachtar acu - sa lámhscríbhinn. Is minic a bhíonn a leithéid in easnamh. Maidir leis an ngramadach, séard a fheiceann muid go rí-mhinic ná meascán den sean agus den nua, agus tuaiplisí a rinne na scríobhaithe nuair nár thuig siad an sean.

    Tá an focal "aile" an-soiléir. Ní dóigh liom gur féidir é a léamh i ndóigh eile.

    ReplyDelete