08 Iúil 2009

Cé acu ceann is fearr leat?


Gadelica (ceannlitreacha)



Benedikt Bold


Linotype Irish Text

Gadelica


Omnia

8 comments:

  1. Ní roghnóinn ceann ar bith díobh, ach más gá roghnú, b’fhearr liom Gadelica, cló a chuireann Dinneen in gcuimhne dom. Sa bhliain 1956 chinn mé ar scríobh sa chló Rómhánach, cinneadh a chuir sna crannaibh an Bráthair a bhí ag múineadh litríocht na Gaeilge dúinn. Seoladh chuig an bPríomhoide, Bráthair eile, mé. ‘Easpa urraime dár n-oidhreacht’ an choir a cuireadh im leith. Ciarraíoch den seanchineál ab ea an Príomhoide, ach ghlac sé leis go raibh sé dlite dom féin an rogha a dhéanamh. “Fear na Héiteanna” a bhí ag an múinteoir orm as sin amach.

    ReplyDelete
  2. Níor mhaith liom a lán téacs a léamh in aon cheann de na clónna seo, ná in aon chló Gaelach, déanta na fírinne. Bíonn orm sleachta as leabhair a chlóbhuaileadh sa seanchló agus sa seanlitriú a léamh ó am go ham. Saothar atá ann. Is féidir liom é a dhéanamh, ar ndóigh, ach tógann sé beagán níos mó ama i gcónaí.

    Séard atá i gceist agam anseo, áfach, ná cló a bheadh oiriúnach do théacs gairid: lipéad, comhartha, fógra, agus mar sin de. Ag an gceart nóiméad seo, roghnóinn féin Omnia le haghaidh achainí mar seo. Ní cló Gaelach é dáiríre, ach mar uingeach (uncial) is ball é den teaghlach céanna. Ní a fhios agam céard a déarfainn amárach!

    ReplyDelete
  3. Is maith liom Benedikt Bold. Rud éigin faoin gcló sin a chuireann na sean-lámhscríbhinní i gcuimhne dom...

    ReplyDelete
  4. Gadelica ceannlitreacha.

    ReplyDelete
  5. Nach bhfuil Omnia an-chosúil leis an gcló sin sa bhlagmhír thíos nach dtaitníonn leat? Nó an bhfuilim ag amharc air le súil neamhoilte!

    ReplyDelete
  6. Déarfainn, a Chú, go bhfuil "an diabhal sna mionphointí" sa chás seo.

    ReplyDelete
  7. B'fhearr liom Gadelica...ach tá rud éigin eile ag cur isteach orm. Úsáideann tú an fhoirm thraidisiúnta 's' agus 'r' ach ní bhaineann tú úsáid as an séimhiú traidisiúnta in ionad 'h' tar éis 'c' agus 't'. Sílim féin gur saghas meascán stíle é sin.

    ReplyDelete