07 Iúil 2009

Coinnígí súil ar an Iaráin Déardaoin.




Tá a fhios againn cheana féin go mbeidh foréigean ar thaobh amháin ar a laghad. Is cosúil go bhfuil sé ar intinn ag na hagóideoirí an foréigean céanna a fhulaingt gan freagra foréigneach dá gcuid féin a thabhairt. Chuala mé duine de na hagóideoirí ar an raidió inniu a dúirt go bhfuil sé an-tábhachtach dúinne, pobail an Iarthair, aird a thabhairt ar na himeachtaí seo. “Má tá an saol ag breathnú orainn, maróidh siad níos lú dinn.” An cheist mhór: an féidir le neamhfhoréigean an rialtas a athrú sa tír sin?

No comments:

Post a Comment