10 Iúil 2009

an tsnáthaid mhór



Is álainn an fheithid í an tsnáthaid mhór, agus is ársa. Bhíodar ann 300 milliún bliain ó shin, agus bhí siad i bhfad níos mó ag an am sin. Tá a lán cineálacha acu ann freisin, agus a lán ainmneacha aisteacha orthu. Is maith liom na hainmneacha seo a leanas.

Béarla: dragonfly = cuileog dragain

Breatnais: gwas-y-neidr = giolla na nathrach

Ioruais: øyenstikker = priocaire súl

Karuk (teanga Chaliforniach): atayram-sishxárahara = réalta ag a bhfuil bod fada

Liotúainis: laum žirgis = capall Lauma (ainm síogaí)

Máltais: debba ta'l-infern = láir an diabhail

Spáinnis: caballito del diablo = capaillín an diabhail

Sualainnis: trollslända = fearsaid an troill


4 comments:

  1. Suimiúil go leor gur "capaillín an diabhail" an leagan Spáinnise de. Cuireann sin eagrán de "Fawlty Towers" i gcuimhne dom: http://www.youtube.com/watch?v=cTQLpWHpVOo&feature=PlayList&p=6014B69E9E78ACE8&playnext=1&playnext_from=PL&index=22

    Is dócha gur ó Mhanuel a fuair Basil Fawlty an leid...

    ReplyDelete
  2. Mmmm... níl a fhios agam. Tugann na Spáinnigh "libélula" ar an tsnáthaid mhór de ghnáth. Is i Meiriceá Laidineach a deirtear "caballito del diablo", déanta na fírinne. Ach níl "libélua" chomh suimiúil sin, i mo thuairimse. Tá an focal céanna, a bheag nó a mhór, le fáil i bhFraincis, Gearmáinis, etc. freisin.

    ReplyDelete
  3. "Kiil" a chuitear orthu san Eastóinis, "kiili" san Fhionlainnis. Is dócha gur iasacht ó "gylys" – cealg, ga – na Liotuáinise atá ann.

    ReplyDelete