03 Lúnasa 2009

bullauns i gCalifornia


Níl an focal bullaun in úsáid abhus anseo, áfach. Bedrock mortars a thugtar orthu sna bólaí seo. Murab ionann agus in Éirinn, níl aon mhistéir ná tuairimíocht ag baint leo.


Seo seanghrianghraf de bhean Indiach ag tuargaint dearcán i mballán. Is iad na mná a dhéanadh an obair, ní na fir. Tá scéal an-ghairid faoi seo, i gKaruk agus i nGaeilge, anseo. Príomhbhia na nIndiach ar fud Chalifornia sa sean-am ba ea an dearcán, agus tá balláin le fáil ar fud na háite dá bharr sin.


2 comments:

  1. Buntáiste mór a bhaineann leis an sórt moirtéir seo: ní dóigh liom go sciorradh siad uait agus tú ag brú an tuairgnín isteach ann.

    Agus an míbhuntáiste a bhaineann leis: is ar éigean atá na hairíonna eitilte ró-mhaith. Ní bheadh Baba Yaga ró-shásta leo mar cé go gcaithfeadh sí an tuairgnín naoi n-uaire ar a cúl ní choinneodh sí siúl le cailleach an airgid.


    http://www.thebells.net/Halloween/BabaYaga/BabaYaga2.GIF
    http://www.youtube.com/watch?v=WsnLhtNGbUk

    ReplyDelete