13 Meán Fómhair 2009

aistriúcháin & aisteachas


Seo abairt as Recension 1 den Táin, an leagan de atá i Leabhar na hUidhre:


Gabais dano medb for gressacht loich

Focal ar fhocal i nGaeilge an lae inniu:

Ghabh ansin Meadhbh ar ghríosacht Lóich.

Nó i bhfocail eile:

Ansin thosaigh Méabh ag gríosú Lóich.

Tá dhá aistriúchán den Táin ar fáil go forleathan anois, The Tain le Thomas Kinsella, agus The Táin le Ciaran Carson. An abairt seo sa chéad cheann:

Then Medb began to incite Lóch.

Agus sa dara ceann:

So Medb began to pressurize Lóch.

Is aisteach go deo í an abairt seo i mo chuid Béarla. Déanaimid idirdhealú ar to pressurize agus to pressure abhus anseo i Meiriceá. Is ionann pressurize agus an rud a dhéantar leis an aer in eitleán nó i spás eile mar sin. Agus is ionann “don't pressure me” agus “ná cuir brú orm”. So Medb began to tighten the gaskets on Lóch an fill him with air. (!)

3 comments:

  1. Chuir sí sa 'pressure cooker' é. Tá 'pressure cooker' sa chistin agam agus cuirim mo phrataí sa phota sin go minic.

    ReplyDelete
  2. Feictear dom go raibh Carson ag dul thar fóir ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir a leagan den scéal agus leagan Kinsella.

    ReplyDelete
  3. @ Liz

    :-)

    @ Dubhaltach

    Leag tú do mhéar air.

    ReplyDelete