23 Meán Fómhair 2009

dualaíocht chairéadach?

An cairéad Ceilteach é seo?






4 comments:

  1. Níl mé chun a roinnt libh cad é an chéad rud a rith liom, ach aithním cad ba chúis le cuma an chairéid. Ar uaire tharlóinn scoilt i stoc cairéid agus é an-óg. Sa cheann sa phictiúr, tharla rud éigin a chuir bac ar fhás anuas ceann de na stoic agus lúbadh as a ghnáthchuma é. De ghnáth is cloch a bhíonn i gceist, ach tráth ar mheasc mé píosaí beaga adhmaid leis an ithir im cheapacha ardaithe, tharla an rud céanna, ní hamháin le cairéid agus le prátaí chomh maith. A leithéid de bharaí míchumtha ní fhaca mé riamh agus mo chéile ag síorthaispeáint na cinn ba mheasa do gach cuairteoir a tháinig chugainn agus do na chomharsana béal dorais. Náire an domhain orm.

    ReplyDelete
  2. Dá mbeadh garraíodóir sách oilte agus sách foighneach ann, is dócha go mbeadh sé in ann cairéid a thógáil a bheadh cruth na haibítre orthu ó A go Z!

    ReplyDelete
  3. A go Z?

    Cinnte, d’fhéadfaí, ach ní garraíodóireacht den ghnáth-chineál a bheadh i gceist. Dobharshaothrú/Uisceshaothrú (aquaculture: focal.ie; aqua-shaothrú a bheadh agamsa) a bheadh riachtanach, mar chaithfí bheith in ann stoc an phlanda a fheiceáil, a cheangal agus a láimhseáil. Cionn is go gcuireann solas dath glas ar chairéad, b’fhearr planda ar nós daikon a úsáid sa chás seo. Agus mar fhocal scoir, níl fúmsa tabhairt faoin turgnamh seo.

    ReplyDelete
  4. Cairéid ag déanamh yoga, a fheicimse...:-)

    ReplyDelete