10 Meán Fómhair 2009

ogham sa charrchlós 2




Tá mé faoi chomaoin ag an Dubhaltach as an ngrianghraf a tweakáil! An-jab!

NB: Is ionann V agus F anseo. Fuair mé an clár seo ó Íomhánna Google. Tá cúpla litir ann nach bhfuil gá leo dáiríre sa tSean-Ghaeilge, mar atá NG, Z (SS), Q. Cumadh an aibítir seo ar dtús le haghaidh teanga a dtugann na scoláirí Gaeilge ÁrsaPrimitive Irish uirthi.

4 comments:

  1. Fáilte romhat.
    Ná bíodh drogall ort ceist a chur orm níos mó tweakáil a dhéanamh de.

    ReplyDelete
  2. Tá pictiúr eile den charrchlós céanna agam a bhfuil níos mó de le feiceáil ann, .i. níos mó línte. Bheadh spás ann do theachtaireacht oghaim cuibheasach fada. Is féidir mar sin go n-iarrfaidh mé ort tuilleadh tweakáil a dhéanamh. Caithfidh mé an téacs ceart a fháil ar dtús. Rud éigin fíor-ársa a bhfuil baint aige le páirceáil?? ;-)

    ReplyDelete
  3. An féidir liom dul i dteangmháil leat taobh amuigh de na blaganna, via ríomhphost? donncha1 ag comcast ponc net

    ReplyDelete