08 Meán Fómhair 2009

ogham sa charrchlós



Bhíos ag siúil tríd an gcarrchlós Montlake ag Ollscoil Washington ar mo bhealach chuig an IMA (an spórtlann) tráthnóna inniu nuair a chonaic go raibh teachtaireachtaí oghaim i bhfolach sna stríoca ar an lár. Níl ag teastáil uaim anois ach duine a bhfuil Photoshop aige agus scil aige ann leis na teachtaireachtaí seo a nochtadh! :-) Línte a bhaint amach nó a ghiorrú is mó a bheadh ag teastáil. Fuair mé an íomhá den charrchlós céanna ó Google Maps.

4 comments:

  1. Déanfaidh mé iarracht ogham a chur air más mian leat, níl photoshop agam ach bogearraí saor in aisce atá fónta a dhóthain.

    ReplyDelete
  2. Togha! Bainimis triail as focal amháin ar dtús: FAILTE


    | ||||| ||| ||||
    ||| | ||||| || ||||

    Tá súil agam go bhfuil an iarracht seo ar na litreacha oghaim a thaispeáint inléite.

    ReplyDelete
  3. Níl sé inléite ar chor ar bith!! Oh well.

    ReplyDelete