17 Meán Fómhair 2009

“Tnúth a threabhas.”



Comórtas treabhdóireachta i nGarbhachadh

Is ionann tnúth a threabhas agus where there is a will there is a way de réir FGB. Níor thuig mé an míniú seo riamh.

Tá seanfhocal an-chosúil leis i nGaeilge na hAlban: Is e farmad a nì treabhadh. Míníonn Dwelly mar seo é: emulation makes ploughing -- one man's achievements spurs [sic] on his neighbor to similar deeds. Is dóigh liomsa go bhfuil ciall leis an míniú seo. Saghas keeping up with the Joneses atá i gceist.

Ceist agam oraibh: Ar chuala sibh an seanfhocal seo riamh á úsáid, nó ar bhain sibh féin úsáid as?

7 comments:

  1. Tnúth a ghníos treabhadh - nuair atá brabach ar rud nó fáth maith leis, is mó go mór an seans go ndéanfar an t-aicsean.

    Tá tú ar an eolas, glacaim leis, faoi 'descaid trebaire tuae' ('descaid treabaire tnúth' atá i LS san RIA) agus 'descaid étrebaire rolabra' (sin mise anois, b'fhéidir).

    ReplyDelete
  2. Cá mbíonn Diarmuid agus an chuid eile ag treabhadh? :-)

    ReplyDelete
  3. Sea, Silence is a characteristic of discretion an Béarla a chuir Colin Ireland air ina eagrán den chnuasach, moladh atá sách fada ó threabhadh -- ar an gcéad amharc, ar aon nós. Is suimiúil an rud é gurbh é "prudence" chomh maith le "tillage, husbandry, farming" an chiall a bhí le "treabhaire" tráth den saol.

    An seanrá nach dtuigim ar chor ar bith ná Eochair tnútha trebad. (Meyer in ZCP 6)

    ReplyDelete
  4. 'Fonn a dhéanas fiach' a fuair mé féin, cé nach bhfuil sé, ná 'tnúth a threabhas' in úsáid i gConamara, chomh fada agus is eol dom.

    Ar ndóigh, bheadh 'Fonn a dhéanas fiach' cosúil le 'Is maith an t-anlann an t-ocras' b'fhéidir, gan baint ar bith ag ceachtar acu leis an míniú sin ó Cholin Ireland, a Dennis!

    ReplyDelete
  5. Tnúth agus Treabhadh
    ‘bhí sé ag treabhadh leis’ = bhí sé sáite go domhain san obair
    ‘ag tnúth le’ = ag súil le
    Nuair a bhíonn duine ag súil le brabach/rath ar aicsean éigin, is minic a bhíonn sé ag treabhadh leis.

    ReplyDelete
  6. Nach raibh seanchiall le 'tnúth' freisin a d'fhágfadh nach móide athrú céille i gceist le leagan na hAlban? B'fhéidir gurb í sin an chiall atá i gceist in "Eochair tnútha trebad" (agus i léamh nó scríobh chuid de na leaganacha eile ó am go chéile).

    ReplyDelete
  7. Go raibh maith agaibh as na smaointí seo. Cibé áit ar thosaigh an nath seo, is cosúil gur bhain daoine éagsúla a gciall féin as le himeacht aimsire.

    ReplyDelete