03 Meán Fómhair 2009

tó ocus nathó



Ní hé do vóta is cás dom anseo -- ní hEorpach mé -- ach chomh deacair agus atá sé yeanay a rá go nádúrtha i gcomhthéacs vótála. Is féidir go bhfuil daoine ag dul i dtaithí ar “tá” agus “níl”. Ach is ciotach an work-around é, mar sin féin. Tráth den saol, fadó fadó, (chomh fada siar agus atá siar ann? bhuel, ní chomh fada sin), bhíodh yes agus no ag na Gaeil: agus nathó. Is mór an trua é nach bhfuil na focail úsáideacha sin ar fáil againn anois!

Seo seanrann greannmhar ina bhfuil beirt fheirmeoirí, A agus B, ag caint. Baintear úsáid as “tó” faoi dhó, agus as “á”, focal fíor-ársa a chiallaíonn “trucail” nó “cairt”, i ngach líne.

In esser dam to á?
Tó, mani má mo á.
Ara tairi mo á mó?
Mani má to á, tó.

A: An dtabharfaidh tú do thurcail ar iasacht dom?
B: Tabharfaidh, mura mbrisfe mo thrucail.
B: An dtiocfaidh mo thrucail ar ais go luath?
A: Mura mbrisfe do thrucail, tiocfaidh.

5 comments:

  1. Is praiseach ar fad iad na focail "sa Conradh Liospóin" sa phictiúr thuas, ar ndóigh. *osna*

    ReplyDelete
  2. Tá rím dheas sa dán.
    6 siolla i ngach líne an ea? Nó 7 mar mheadaracht an dáin dhírigh.
    Tá an comhardach slán ann ceart go leor.

    ReplyDelete
  3. An dóigh leat go bhfuil bathú ag obair sa tríú líne, an ceann a bhfuil seacht siolla ann?

    mo á = m'á

    Má tá mé ag léamh _Early Irish Metrics_ le Murphy i gceart, sampla é seo de "dá trian rannaigechta móire", cé nach ndearna seisean tagairt dó. Ach tháinig EIM amach (1961) sular foilsíodh an t-eagrán a rinne Calvert Watkins den dán seo (1978).

    ReplyDelete
  4. Maith dom m'aineolas ach ní thuigim, cad is "bathú" ann?

    má tá "mo á = m'á"
    Mar sin tá 5 siolla i ngach líne seachas an tríú líne, ina bhfuil 6 siolla.
    Conas a fhuaimnítear "Ara"? Mar "Ar" nó "Ara" nó mar "Ar atairi --> Ar airi"

    5-1, 5-1, 6-1, 5-1 ?

    cén aois a scríobhadh an dán?

    ReplyDelete
  5. Báthú = "báthadh consuinne" ("bádud" an litriú i S-G) = elision

    Seo í an riail de réir Murply:

    "An unstressed vowel may (or may not) be elided when another vowel precedes it."

    Is léir mar sin nach bhfuil "bá" i gceist anseo, toisc go bhfuil béim ar "á". Mar sin: 6-1, 6-1, 7-1, 6-1

    Aois an dáin? Sa 6ú nó sa 7ú haois a cumadh é, dar le Watkins. Sin an-luath.

    ReplyDelete