16 Deireadh Fómhair 2009

Cad é seo?



Deir alt ar Wikipedia go bhfuil sé traidisiúnta (ó thús na fichiú haoise), go bhfuil sé Éireannach, agus gur lóchrann é i gcomhair Oíche Shamhna. Is cosúil go bhfuil sé le feiceáil insan Museum of Country Life i gCaisleán an Bharraigh. Ní thugtar aon eolas eile faoi.

Is as an Oileán Úr ó dhúchas an puimcín. Is poncán é an puimcín. Deirtear abhus anseo “chomh Meiriceánach le pióg úll”, ach bheadh “chomh Meiriceánach le pióg puimcín” níos cruinne. (Bhuel, bíonn beagnach chuile phióg cruinn, ach sin scéal eile.) Pé scéal é, dealraíonn sé gur abhus anseo a tosaíodh ar lóchrainn a dhéanamh as puimcíní san Fhómhar, agus go háirithe ar Oíche Shamhna. Agus is abhus anseo go háirithe a chiallaíonn jack-o'-lantern an lóchrann sin, ní an solas a fheictear uaireanta os cionn na riasc. Will-o'-the-wisp a thugann muid ar ignis fatuus (.i. Seán na gealaí).

Cúpla ceist agam oraibh. An bhfaca sibh aon rud cosúil leis an gceann thuas riamh in Éirinn? An bhfeiceann sibh puimcíní le coinnle iontu na laethanta seo?

7 comments:

  1. Ní fhaca mé aon rud ró-chosúil leis cheana in Éirinn ná in aon áit eile (bíodh is go bhfuil cuma clogaid air). Bhíodh an nós seo in Éirinn oíche Shamhna (b'fhéidir go bhfuil sé ann fós ach ní nós é atá agamsa) cuas nó poll a dhéanamh i dturnapa, is é sin an taobh istigh de a bhaint as, agus poill a dhéanamh mar a bheadh súile agus béil, agus coinneal lasta a chur isteach ann. B'fhéidir gurb in atá i mo dhuine thuas - seanturnapa - an old swede!

    ReplyDelete
  2. Tá an nós fillte chugainn claochlaithe as SAM, agus puimcíní lasta fairsing. Ach feictear dom go bhfuil cinn saorga ag teacht chun cinn níos tréine.

    Chuala mé faoi nós an tornapa, ach ní fhaca riamh ceann.

    ReplyDelete
  3. Chuala mise an leagan tornapa den scéal freisin. Ach is mó is déine tornapa ná puimcín a chuasú. Agus is mó a chúitíonn laíon an phuimcín ná laíon an tornapa an saothar leis an té a théann i mbun a gcuasaithe óir is ceann de na sóláis is luaithe agus is breátha ar an bhfána síos i dtreo na dúluachra an t-anraith a dhéantar le laíon an phuimcín.

    ReplyDelete
  4. Shíl mé go raibh sé déanta as cré. Tornapa mumaithe? Is maith liom an smaoineamh sin. Is cosúil go raibh an tumshie lantern nó an neep(ie) lantern sách coitianta in Albain go dtí le déanaí.

    ReplyDelete
  5. @ Ormondo -- Tá dhá shaghas puimcín againn sna siopaí anseo: na cinn a thógtar le lóchrainn a dhéanamh, agus na cinn bheaga a thógtar le haghaidh cócaireachta. Tá feoil an dara ceann níos súmhaire agus níos milse ná feoil na jack-o'-lanterns. Is maith liom anraith puimcín, agus is fearr liom i bhfad pióg phuimcín. Conas a deirtear yum! i nGaeilge? Miam a deir na Francaigh.

    ReplyDelete
  6. "Conas a deirtear yum! i nGaeilge?"

    Níl a fhios agam.

    Ach mo léamh ar an scéal (a chuirfidh i mbaol mo choinnealbháite mé): I bhfianaise chaighdeán na cócaireachta a chuirtear i leith na n-oileán fliuch le roinnt céadta anuas - de bharr caoireola beirithe agus a leithéid - ní dóigh liom go raibh ráchairt ar a leithéid d'uaillbhreas. -;)

    ReplyDelete
  7. Tornapaí a bhí in úsáid againn nuair a bhí muid óg, pollta agus coinneal curtha isteach ann.

    Yeam, a chonaic mé scríofa i leabhar do pháistí fá choinne 'yum'.

    ReplyDelete