23 Deireadh Fómhair 2009

ciorcail chomhlárnacha


An Chloch Cholbha
Sí an Bhrú
An Treimhse Mheigiliteach


Fuente de la Zarza, La Palma
Na hOileáin Chanáracha
An Treimhse Mheigiliteach


Children's Water Dreaming
le
Shorty Lungkarta Tjungurrayi
Papunya, An Astráil, 1972

Céard atá ar siúl anseo? Is áit bheag iargúlta é Papunya, suite i lár na hAstráile, gan ach 300 duine ina gcónaí ann. Tá na mílte míle -- agus na mílte bliain -- ina luí idir na daoine seo, ar Bundúchasaigh an mhórchuid acu, agus Tréimhse Mheigiliteach na hEorpa.

Sa bhliain 1971 thug an múinteoir Geoffrey Bardon acrylics agus píosaí móra máisiúiníte do chuid de na fir ansin agus thosaigh siad ag péinteáil. Tá cáil idirnáisiúnta ar a gcuid oibre anois, agus tá taispeántas di ar siúl sa Grey Art Gallery faoi láthair. Tá go maith agus níl go holc.

Má chuirtear an pictiúr seo le Shorty Lungkarta le hais na peitriglife in Fuente de la Zarza, déarfá -- bhuel, déarfainn ar aon nós -- gur tháinig siad as an scoil chéanna, b'fhéidir ón duine céanna. Is ollmhór an chosúlacht atá acu lena chéile, bíodh is go bhfuil siad scartha chomh mór sin óna chéile i spás agus in am. Cén fáth?

Tá míniú amháin -- nó teoiric amháin ar aon nós -- le fáil san fhocal entoptics, focal nach raibh agam bliain ó shin. Is patrúin iad seo atá le feiceáil sa tsúil agus/nó san inchinn gan aon ionchur ón taobh amuigh, de bharr troscaidh, drugaí, rince gan staonadh, 7c. Is patrúin an-simplí iad: línte, bíseanna, greillí, stuanna agus fiarláin.

Maidir le Paul Klee anois: an ag troscadh a bhí sé, nó ag trip-áil, nuair a phéinteáil sé “Heroische Rosen”, mar shampla, nó “Burg und Sonne”, nó “Steigende Sonne” nó Gefangener? Hmm?

6 comments:

  1. Tá bailiúchán deas de phictiúir as an Astráil ag an Seattle Art Museum ar First Avenue. An bhfaca tú é? Ní chuimhin liom ciorcal comhlárnacha sna pictiúir, ach tá sciath le ciorcal comhlárnacha ann.

    Tá samplaí le feiceáil anseo:

    http://www.seattleartmuseum.org/emuseum/code/emuseum.asp

    Gliogáil ar "Australian aboriginal and oceanic art"

    ReplyDelete
  2. Tá sé seo OT go hiomlán, a Chailliomachais, ach is cuimhin liom go raibh tú ar lorg blaganna i mBreatnais. An bhfaca tú iad seo?

    ReplyDelete
  3. Caithfidh súil a thabhairt orthu arís, Liz, an chéad uair eile a bheas mé sa mhúsaem.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat, Dennis. Leanfaidh mé suas na nasca sin go cinnte.

    Is go déanach aréir a chuimhnigh mé ar an gceannteideal nuachtáin a theastaigh: 'Neolithic builders stoned'.

    ReplyDelete
  5. An-mhaith, a Chailliomachais ...:-)

    Ní raibh mé ar an eolas faoi 'entoptics', a Dennis. Iontach suimiúil ar fad. Maith thú!

    ReplyDelete