18 Deireadh Fómhair 2009

an t-athchóiriú ag dul ar aghaidh



Tá an phluiméireacht gharbh, an soláthar leictreachais, agus an t-insliú istigh anois, agus rinne Florian an panna le haghaidh an chithfholctha inné (an rud dorcha atá le feiceáil ag bun an ghrianghraif). Bhí (Dr.) Tom, mo pháirtí, i láthair nuair a tháinig iníon Fhlorian ar an saol ocht mbliana déag ó shin, agus is é seo an tríú seomra folctha a ndearna Florian an tíleadóireacht ann dúinn.

8 comments:

  1. An bhfuil dualgas oraibh breis paistí dá shliocht a thabhairt ar an saol mar chuid den mhargadh?

    ReplyDelete
  2. Tá mé cinnte nach bhfuil páiste eile ag teastáil ó Mharia is Florian. Is leor dóibh Isabel / Lola. Isabel an t-ainm a chuir siad uirthi. Lola an t-ainm a thogh sí di féin ± cúig bliana ó shin.

    ReplyDelete
  3. Rinne sí trí sheomra folctha daoibh! Sa teach céanna?
    Obair dhian atá sa tíleadóireacht, agus tá gá le scil chun é a dhéanamh i gceart.

    ReplyDelete
  4. Sin an fáth go ndúirt mé sliocht. Leanbh Lola, seans?

    ReplyDelete
  5. @ Dubhaltach -- dhá sheomra folctha sa teach seo, ceann amháin sa teach roimhe seo. Tógadh an teach seo sa bhliain 1940. D'athchóirigh muid cuid de cúig bliana ó shin. Tá an dara cuid den togra ar siúl anois. An tríú cuid: an t-íoslach! Tá sé an-mhór agus níl ach cuid de faoin talamh mar tá an teach tógtha ar mhala an chnoic. Mother-in-law apartment a bheas ann. Níl a fhios agam an bhfuil an t-ainm sin in úsáid in Éirinn.

    @ Aonghus -- Leanbh Lola... ní go ceann cúpla bliain eile, le cúnamh Dé! Níl oideachas ollscoile uirthi fós, gan trácht ar a bheith pósta. (Tá mé seanfhaiseanta faoi sin.)

    ReplyDelete
  6. Mise freisin.

    Go maire sibh bhur athchóiriú, agus bail ó dhia ar an saothar go léir.

    ReplyDelete
  7. Tuigim go rómhaith an dusta atá romhaibh go ceann bliana! Is fiú é mar sin féin, a Dennis. Go n-éirí go geal leis an obair uile...:-)

    ReplyDelete
  8. bail ó Dhia ar an athchóiriú go deimhin.

    "Mother-in-law apartment" níor chuala mé faoi árasán dá leithéid roimhe ach chuala mé faoi mother in laws go cinnte!

    ReplyDelete