30 Eanáir 2010

the hot spot



Comhairle a fuair mé ó mo mháthair nuair a bhí mé ag teacht aníos ná creideamh agus polaitíocht a sheachaint mar ábhar cainte agus mé ag déanamh comhluadair le daoine. Ach bhí an aimsir sábháilte i gcónaí. Bhí comráidí agam a deireadh “Large weather we're having!” go minic le mearbhall a chur ar dhaoine agus le ceap magaidh a dhéanamh den dea-chomhairle sin.

Tá a fhios againn nach bhfuil an aimsir, nó an aeráid ar aon nós, chomh hanodyne sin a thuilleadh. Pé scéal é, de réir Chliff Mass, guru na haimsire sna bólaí seo, beidh sé seo ar an Eanáir is teo dá raibh againn riamh i Seattle, le meánteocht de 47° F. Tá sé seo níos teo ná mar a bhíonn sé i Mí an Mhárta de ghnáth. Ag smaoineamh ar an ngairdín atá mé cheana féin!

4 comments:

  1. Fuar atá sé anseo. Ach ó tharla an aimsir ina cheist pholaitiúil, ....

    ReplyDelete
  2. Eanair 2010? B'é an ceann is fuaire abhus le 23 bliain anuas!

    ReplyDelete
  3. Is maith an scéalaí an aimsir. Fan go fóill...

    ReplyDelete
  4. Tá an-difear idir an aimsir agus an aeráid, dar ndóigh.

    ReplyDelete