20 Feabhra 2010

an focal Haváise is idirnáisiúnta



A bhuí le roghanna a rinne Ward Cunningham sa bhliain 1995 agus Jimmy Wales ina dhiaidh sin, is dócha gurb é an focal Haváise is mó aitheantais ar domhan inniu ná “wiki”. Ciallaíonn sé “luath, sciobtha; luathaigh, deifrigh”.

Baintear úsáid as eamhnú (reduplication) go forleathan i Haváis. Is féidir leis neart, déine nó minicíocht a chur in iúl, i measc rudaí eile. Mar shampla:

hoe = céaslaigh
hoehoe = céaslaigh go dian nó gan stad

nīnau = ceist a chur
ninaninau = a lán ceisteanna a chur, ceistigh

wiki = deifir
wikiwiki = an-luath; Brostaigh ort!

Baisteadh Wikiwiki mar ainm ar an tseirbhís tointeála bus atá le fáil sna haerfoirt ar na hoileáin i bhfad ó shin. Dúirt Cunningham gur as sin a fuair sé an focal.

3 comments:

  1. Well well!

    Go deo deo! Sin an t-aon cheann a ritheann liom faoi láthair, ach chaithfidh go bhfuil níos mó ann i nGaeilge.

    ReplyDelete
  2. Is dóigh liom gur fearr linn “macalla” a dhéanamh le focal eile in áit eamhnú leis an bhfocal céanna:

    go mion minic
    briste brúite
    dubh dóite
    etc.

    ReplyDelete