03 Feabhra 2010

páipéar leithris?



Seo sliocht as an scéal Orgguin Trí Mac Diarmata Mic Cerbaill, a cumadh nuair nach raibh páipéar leithris ar fáil fós. Ná nuachtáin ach oiread!

Luid dano Diarmait amach oenar do dhul for aínsuide cen fis do neoch, co comarnaicc fri Moelodrán i nddorus ind tighi.

Ansin chuaigh Diarmaid amach ina aonar le dul ‘ag suí leis féin’ gan fios d'éinne, agus bhuail sé le Maol Odhrán i ndoras an tí.

“Toboing dlaí lat dam,” ar Diarmait.

“Stoith dlaoi dom,” arsa Diarmaid.

“Tó immorro,” ar Moelodrán.

“Ceart go leor,” arsa Maol Odhrán.

Do·beir teora dlaii doo: dloí di urnenaigh 7 dlaí do fomthonn 7 dlaí do athrathai luaid.

Tugann sé trí dhlaoi dó: dlaoi neantóga úra agus dlaoi fheochadáin agus dlaoi [ ?* ].

“Ac so at láim mo cloigem [leg. claideb],” ar Diarmoit.

“Gabh mo chlaíomh id láimh,” arsa Diarmaid.

Ro ngab Maelodrán.

Ghabh Maol Odhrán é.

“Fé frit, a gilla,” ar Diarmait, “rom goin dlaí, rom loisc dlaí, rom tesc dlaí. Amai, a gilla, cia h'ainm[-siu]?”

“Damnú ort, a ghiolla,” arsa Diarmaid, “ghoin dlaoi mé, loisc dlaoi mé, ghearr dlaoi mé. Faraor, a ghiolla, cén t-ainm atá ort?”

* Is léir ón gcomhthéacs gur planda atá in “athrathai luaid”, ach níl a fhios againn cén ceann.


5 comments:

  1. Ní raibh Maol bocht ach ag réamh-mheas an phaipéir trídhualaigh leis an rud trí-dhlaoi-each.

    http://www.msnbc.msn.com/id/26759554

    ReplyDelete
  2. Ach cad é an secret ingredient a bhí aige ann?

    ReplyDelete
  3. B'fhéidir féar fiáin mór atá ana-ghéar ar fad a bhí i gceist. D'úsáidtí féar go forleathan sara raibh páipéar le fáil i gcomhair an chúraim.

    ReplyDelete
  4. Luíonn sé sin le réasún. Shíl David Greene, a chuir an téacs in eagar, go bhfuil comhfhocal de “raith” (= raithneach) ann, perhaps *ath-raith ‘old, withered fern’. Ach d'admhaigh sé go bhfuil an foirceann difficult agus go bhfuil an focal “luaid” obscure.

    ReplyDelete
  5. Dála an scéil, tá leagan eile den scéal nach mbacann leis an three-ply. Deirtear ansin gur thug Maol Odhrán “lán a duirn de neanaid” to Dhiarmaid, sin an méid.

    ReplyDelete