10 Márta 2010

paidir don scríobhaí


D'iarr Dubhaltach orm Nua-Ghaeilge a chur ar an rann seo, a d'fhág scríobhaí anaithnid i lámhscríbhinn atá sa Bhruiséil anois. Míniú idirlíneach atá sa mhéid seo a leanas seachas aistriúchán ceart.

For cubhas caich léghfas leir
Ar choinsias gach duine a léifidh go cúramach

ocus fegfas senadh sir,
agus a fhéachfaidh sean-nath (= dán, etc.) síor

tabradh bennachtain in Uain
tugadh sé beannacht an Uain

for anmain an truaigh roscrib.
ar anam an truáin a scríobh.

Agus seo impí eile den chineál céanna ón Leabhar Breac:


Eogan og & tabuir bennacht do rath
m'anama, a duine trocairigh eigin

3 comments:

  1. Sin ar fheabhas a Dennis, grma

    ReplyDelete
  2. Tá spéis agam san abairt “a duine trocairigh eigin” .i. “a dhuine thrócairigh éigin".

    Céard a déarfá:

    (a) Éist liom, a dhuine éigin!
    (b) Éist liom, a dhuine éigin thrócairigh!
    (c) Éist liom, a dhuine thrócairigh éigin!
    (d) iad seo uilig
    (e) rud éigin eile
    ?

    ReplyDelete
  3. Tá (a) agus (c) ag teacht leis an gCO, ceapaim.

    Maidir le (b) nílim ró-chinnte.

    ReplyDelete