20 Márta 2010

stair na cruinne


NB: Is do Dhubhaltach go háirithe a chuir mé an bhlagmhír seo le chéile.

I dtús báire is in aon phointe amháin a bhí pobal uile na cruinne.


Seo iad .000000000023 soicind tar éis na hollphléisce.

(Níl mé cinnte, ach is féidir go bhfuair siad an bosca teileafóin ó Dr. Who.)

Mar a dúirt Sean-Qfwfq sa ghearrscéal “Tutto in un punto” le Italo Calvino in Cosmicomiche:

Si capisce che si stava tutti lí, -fece il vecchio Qfwfq,- e dove, altrimenti? Che ci potesse essere lo spazio, nessuno ancora lo sapeva. E il tempo, idem: cosa volete che ce ne facessimo, del tempo, stando lí pigiati come acciughe?

“Bhíomar uilig ansin, ar ndóigh,” a dúirt Sean-Qfwfq. “Cén áit eile a bheimis? Ní raibh a fhios ag aon duine go bhféadfadh spás a bheith ann. Nó am ach oiread. Cad a dhéanfaimis le ham, brúite le chéile ansin ar nós sairdíní?”

Nóta stairiúil: Seo an Ghàidhlig a chuir mé air. Nocht an t-aistriúchán a rinne mé, “Uile ann an Aon Phuing,” in Gairm: An Ràitheachan Gàidhlig in uimhir 119 (Samhradh 1982):

Gu nàdurrach, bha sinn uile ann an siud -- arsa Seann Qfwfq -- càit eile am bitheamaid? Cha robh fhios aig duine fhathast gum b'urrainn farsaingeacht a bhith ann. No tìm na bu mhotha: dè am feum a bh'againn air tìm, agus sinne dinnte ann an siud mar shàrdainean.

5 comments:

  1. 'the condition of "negative capability" which Keats believed the most fruitful of all' - is maith liom an coincheap sin...:-)

    ReplyDelete
  2. “Uabh, tá sé sin trom,” mar a déarfadh an sean-hippy. Aistriúchán: ní thuigim é sin ar chor ar bith. Ach a bhuí le Google, tá taighde ag fanacht ag barr mo mhéar!
    :-)

    ReplyDelete
  3. An Ollphléisc? Cá bhfios nach réamhtheachtaire na hOllbhrúisce é??!! ;-)

    ReplyDelete
  4. Dearcadh eile: Ní ollphléasc ná ollbrúisc, ach thíos seal agus thuas seal.
    ;-)

    ReplyDelete
  5. "Seo iad .000000000023 soicind tar éis na hollphléisce." :)

    Tá an ceart ag Sean-Qfwfq, bhíomar ann, rugadh gach ní sa chruinne sa phointe sin ón bhfoinse chéanna.
    Bhí gach rud atá ionainn go léir cruthaithe ag an bpointe sin, ní raibh aon ní cruthaithe i ndiaidh .i. ábhar.

    ReplyDelete