28 Aibreán 2010

duaisdhán



Tá mé beagán mall. Níor thug mé faoi deara go dtí inniu gur bhuaigh Proinsias Mac a' Bhaird Comórtas Uí Néill 2010 lena dhán “Bróga”. Ba mhaith liom an duais a thréaslú leis agus ceist a chur air. Cá bhfuil an dán le léamh?

6 comments:

  1. Nach mbeadh sé go deas dá mbeadh sé in An Gael?
    (Tá cuma 'mug shot' ar an ngrianghraf sin, dar liom!)

    ReplyDelete
  2. Ní féidir liom teacht air ar an idirlíon ar aon chaoi.

    ReplyDelete
  3. Mise, ach an oiread, a Dhubhaltaigh.

    Comhghairdeas ó chroí le Proinsias!

    ReplyDelete
  4. Agus uaimse chomh maith, comhghairdeas!

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh. Níl sé foilsithe go fóill a chairde. Comórtas do dhánta neamhfhoilsithe a bhí ann. Sílim go mbeidh sé ar shuíomh "Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge" agus in "Comhar". Tá cearta céad-fhoilsithe acu, agus ní shílim go bhfuil cead agam é a chur amach rompu.

    Mug Shot!!! Seans go bhfuil an ceart agat, a Shéamais. Níor réitigh mé féin agus an ceamara ró-mhaith lena chéile riamh!!

    ReplyDelete
  6. Maith thú a Phroinsias, comhghairdeas

    ReplyDelete