21 Aibreán 2010

Lá an Domhain



“... an lá a íosfaidh sibh dá thoradh sin, go n-osclófar bhur súile agus go mbeidh sibh cosúil le déithe ...” Gein. 3:5

“Táimid cosúil le déithe agus tá sé chomh maith againn an cheird a fhoghlaim.” - Stewart Brand, Whole Earth Catalog, 1968

“Táimid cosúil le déithe agus ní mór dúinn an cheird a fhoghlaim.” - Stewart Brand, Whole Earth Discipline, 2005

Is éicea-phragmataí anois é Brand. Creideann sé, mar shampla, go bhfuil níos mó dóchais ná dainséir dúinn i dteicneolaíochtaí ar nós fuinneamh núicléach agus bia GMO. Is i dtéamh domhanda is mó atá an chontúirt anois, dar leis.

2 comments:

  1. Is dócha go bhfuil muid cosúil le déithe (le d beag) - na neacha sin arhb mó a cumhacht chun gnímh ná a gcumas iarmhairtí a gníomhartha a ghlanadh.

    Maidir le GMO agus cumhacht eitneach; is dóigh liom gurbh é an constaic is mó rompu ná an amhras faoi na hollcomhlachtaí a bhfuil smacht acu ar na teicneolaíochtaí seo; an amhras go mbeidh siad cúramach a dhóthain ag plé leis na baoil atá iontu. Agus an amhras nach chun an leas coiteann a chuirfidh siad i gcrích iad.

    Tá amhras orm freisin faoi leigheasanna "gasta" ar ár bhfadhbanna. Creidim go bhfuil tábhacht le cumasc leigheasanna - laghdú ar éileamh ar fuinneamh ag dul lámh ar lámh le foinsí nua a aimsiú; agus laghdú ar chuir amú bia lámh ar lámh le modhanna nua chun táirgiúlacht a ardú.

    Agus is mithid dúinne san Iarthar tús a chuir leis an laghdú seo!

    ReplyDelete
  2. Tá brand go hiontach. Cuireann sé mé ag smaoineamh i gcónaí. An smaoineamh atá aige maidir le dramhaíl núicléach ná í a fhágáil sna foraisí báistí agus beidh an lámh in uachtair ag na crainn ar an duine. Tá an mac tíre is ainmhí eile arais i Cherynobyl mar nach bhfuil an duine ag cónaí ann a thuilleadh

    ReplyDelete