05 Aibreán 2010

Sean-Ghaeilge in úrscéal Béarla



Rinne Aonghus tagairt d'úrscéal do dhaoine óga atá scríofa i mBéarla ach a bhfuil abairtí Gaeilge ann (má thuigim i gceart é). Dúirt sé go bhfuil sé “idir dhá chomhairle faoi nithe mar seo.” Níl fadhb ar bith agam leis na giotaí Gaeilge sa chás seo, ós é Gabriel Rosenstock a sholáthair iad. Ditto na tatúnna ar dhaoine gan Ghaeilge má tá siad scríofa i gceart, ar nós an gceann seo. Dea-bholscaireacht atá sa leithéid, feictear domsa.

Pé scéal é, chuir an méid seo úrscéal eile do dhaoine óga i gcuimhne dom: Stormriders le Anna Ciddor a tháinig amach sé bliana ó shin. Tá sé suite in aois na nUigingeach (nó na Vikings, mura féidir leat do theanga a chur thart ar an bhfocal sin!) agus tá lead Éireannach, Dúngal, i lár an scéil. Agus labhraíonn sé Sean-Ghaeilge cúpla uair. Bhí lámh agam sna habairtí seo, mar sin tá mé sásta leo. Agus ní minic a fhaigheann Sean-Ghaeilge bolscaireacht ar chor ar bith, go háirithe san aoisghrúpa 9-12.

1 comment:

  1. Táim níos sásta leis sin: cuireann an anachronachas sna húrscéalta ar thrácht mé orthu isteach ormsa. Ní Gabriel a sholáthair an tábhar, ach rinne sé eagarthóireacht air. Tá na sleachta fós rud beag ciotach, dar liom. Ní air siúd a leagaim sin.

    ReplyDelete