06 Bealtaine 2010

gaireas iontach nó abomination?



Freastalaím ar na sacraimintí gach maidin. Ní an tAifreann atá mé a rá ach Searmanas an Tae. Bíonn chuile rud leagtha amach romham: an citeal, an próca a bhfuil na duilleoga ann, an spúnóg leis na duilleoga a bhaint as an bpróca, an taephota, an muga. Tá siad uile tábhachtach. Thogh mé gach ceann acu go cúramach. Déanaim an tae go cúramach. Má tá an searmanas seo inchurtha le haifreann, is é an tAifreann Triontach é. Málaí tae i mbosca cairtchláir? Eiriceacht!

Ach céard atá ann anois? Inneall a dhéanann an rud ar fad go huathoibríoch agus a thugann aire don teocht agus don am a theastaíonn ó gach saghas tae. Níl le déanamh agat ach cúpla cnaipe a bhrú. Agus níl ach $250 atá air. Oh, agus beidh ort é a bhaint as a chéile agus a ghlanadh.

Ceist agam oraibh: cén chanúint atá ag an mbean san fhíseán a mhíníonn an rud ar fad?

10 comments:

  1. Astrálach go deimhin.

    Chuala mé faoin ghá an t-uisce a théamh suas i gceart chun an blas is fearr a fháil ón tae.
    Rud an-bharbartha is ea uisce bruite a chaitheamh isteach ar mhála tae de réir dealraimh!

    Ach €200!

    "caretea" atá ar an word verfication :)

    care for tea ol' bean

    ReplyDelete
  2. Marbh gan é?

    Braitheann sé ar an mblas, dar liom.

    Is duine mífhoighneach ar maidin mé, mar sin is leor dom muga mór agus mála tae.

    (Táim "íseal eaglasta" sa cheist seo!)

    ReplyDelete
  3. Óóóááá! Ba bhreá liom tae na maidine a roinnt leis an mbéib úd.

    ReplyDelete
  4. Tá ceann agam in achan seomra.

    ReplyDelete
  5. Bean?

    Sin sórt sean tiomnach, nach bhfuil?

    ;-)

    ReplyDelete
  6. Ólaim caife ar maidin - tá caife cosúil le speach ó chapall; bíonn sin de dhíth orm ag an am sin den lá - agus ólaim tae níos déanaí sa tráthnóna nuair a bhíonn go leor ama agam a bheith ag ionramháil leis an mála tae... óir is eiriceach tae mé le fada an lá. ;-)

    ReplyDelete
  7. Níl aon tae ceart sna málaí úd, ach conamar is dusta.
    :-(
    Repent!

    ReplyDelete
  8. Ach CREIDIM go bhfuil scoth an tae istigh iontu!!

    An bhfuil a fhios ag éinne againn cad atá i bhfolach i "málaí an tsaoil"? Agus fiú sa chás go nochtfar i ndeireadh thiar nach raibh faic na fríde iontu seachas conamar, nach seift chliste í mar sin féin scoth an tae a shamhlú leis an inneachar? ;-)

    (Dála an scéil, níl formáidiú an nóta tráchta ar mo thoil agam fós!)

    ReplyDelete