01 Bealtaine 2010

Walla Walla


Chaith mé Déardaoin agus Dé hAoine i Walla Walla, in oirdheisceart Stát Washington. Áit saghas iargúlta é. Níl sé “ar an mbealach” go háit ar bith eile. Ach is fiú an taisteal an ceann scríbe seo.

1. Tá cuid de na fíonlanna is fearr sa stát (agus cúpla bialann iontach) le fáil ansin.

2. Tá Walla Walla Foundry, ceann de na teilgcheártaí ealaíne is tábhachtaí sa tír, ann. Tá dealbha cré-umha, a lán acu an-ghreannmhar, ina seasamh ar fud na cathrach. (Town a thabharfainn air i mBéarla toisc nach bhfuil sé ró-mhór, cé go bhfuil sé ina chathair go hoifigiúil.)

3. Tá Walla Walla ar imeall an Palouse, ceantar lóis mar a bhfásann cruithneacht, cruithneacht ... agus níos mó cruithneachta. Tá na dathanna ansin, idir an coinleach agus an fás úr, go hálainn ag an am seo bliana.



Cliceáil le méadú.

Nótaí teanga: Is focail Sahaptin iad na logainmneacha thuas. “Aibhneacha beaga” a chiallaíonn “walawála”. Is ionann “wana” agus “abhainn”. Agus "a bhfuil ina sheasamh san uisce” an chiall atá le “palús”. Carraig san abhainn Snake atá i gceist, de réir dealraimh.

7 comments:

  1. tá na griangrafanna go hálainn

    ReplyDelete
  2. Cheap mé ar an gcéad radharc gur san Astráil... mheasc mé Walla Walla le Wagga Wagga!

    Tírdhreach álainn. "Faoiseamh a gheobhadsa" ann - agus fíon maith lena chois.

    ReplyDelete
  3. Tá na grianghrafanna go hiontach!
    Chuaigh mé go Walla Walla ocht mbliana ó shin, i lár Mí Iúil. Bhí sé cosúil le hoigheann mór -- 112 céim amuigh ar an tsráid. Tá oinniúin mhaithe (Sweet Walla Wallas) ar fáil sa samhradh ansin.
    Agus tá priosún mór ann.

    ReplyDelete
  4. Agus coláiste triú leibhéil den chéad scoth, Whitman College. Nár chuala tú riamh an gháir atá acu, “Missionaries, Missionaries, We're On Top!” ?
    ;-)

    ReplyDelete
  5. Deir na mná ag Smith College --

    "A Century of women on top"

    ReplyDelete
  6. Nach suimiúil an chosúlacht fhuaime idir 'wana' agus 'abhainn'?

    Is maith liom na radhairc, a Dennis.

    ReplyDelete
  7. An cuimhin leat an radharc sin a bhíodh ar Windows mar chúlbhrat?

    http://en.wikipedia.org/wiki/Bliss_%28image%29

    Chuir Walla Walla é sin i gcuimhne dom.

    Is dóigh nach bhfuil Walla Walla na mílte míle ar siúl ó California

    ReplyDelete