15 Bealtaine 2010

WolframAlpha


Cliceáil le méadú.

Mise mall mar is iondúil. Ní raibh a fhios agam go dtí aréir go raibh an t-inneall cuardaigh seo ann ar chor ar bith. Seoladh é bliain cothrom ó shin. Bhain mé triail as leis an gceist sa bhosca beag thuas, ceist chonspóideach a bhfuil an iliomad freagra uirthi. Ansin d'fhiafraigh mé “Who was Myles na Gopaleen?” Chuir sé sin mearbhall ar an gcréatúr. Shíl sé gurbh é WHO (World Health Organization) a bhí i gceist agam. Tig leat do cheisteanna féin a chur air anseo. Má tá suim agat sa togra seo, tig leat éisteacht le Stephen Wolfram ag caint air anseo.

12 comments:

  1. Ní raibh a fhios agamsa faoi, ach an oiread, a Dennis. Go raibh maith agat!

    ReplyDelete
  2. Ní thuigim ar fad céard go díreach atá i gceist anseo. Tá súil agam go mbeidh níos mó le rá faoi ag Aonghus.

    ReplyDelete
  3. I mean, d'éist mé le Wolfram agus is cuimhin liom an brúháhá uilig roimh fhoilsiú a leabhair, A New Kind of Science, sa bhliain 2002. Deireadh ag an am sin gur effin' genius a bhí ann. Ansin tháinig an leabhar amach agus níor chuala mórán eile faoin leabhar ná faoin duine. Ciúnas ollmhór tar éis an hype ar fad.

    ReplyDelete
  4. Níor chíor mé an cheist - ní raibh cloiste agam faoi. Tá an carnadh agus cíoradh sonraí seo beagán lasmuigh de mo réimse eolais.

    Bheadh amhras orm faoi "saghas nua eolaíochta", déanta na fírinne. Uirlisí nua, cinnte. Ach casadh nua? N'fheadar.

    ReplyDelete
  5. Tá sracfhéachaint caite agam ar an eolas ar an suíomh - ach ní fheicim ann ach buaileam scíth, caithfidh mé a rá.

    Léiríonn do shampla thuas go bhfuil an buntáiste fós ag google, maidir le cuardach eolais.

    Is dócha go mba ghá an leabhar a léamh le éirim an choincheap a mheas.

    Tá nithe eile ar mo liosta, faoi láthair, ámh.

    ReplyDelete
  6. Tá an leabhar ar an tseilf in aice liom. Is mithid dom a thógáil anuas, is cosúil.

    ReplyDelete
  7. Beidh mé ag súil le tuairisc.

    D'fhéach mé air arís, agus is cosúil nach inneal cuardaigh atá i gceist; go bhfuil bunachar "coimeádaithe" i gceist, agus gnáis ar léith chun an tátal cheart a bhaint as an eolas.

    Sin an "eolaíocht nua"

    ReplyDelete
  8. Tá cúpla léirmheas ar an leabhar ar an idirlíon: mar shampla, an ceann seo a deir:

    The key idea in the book is that simple, byte-size programs have the surprising ability to produce endlessly intricate behavior. His most basic example is a group of elegant little algorithms with a clunky name: cellular automata.

    ReplyDelete
  9. Hmm. B'fhéidir go gcuirfidh mé an leabhar níos airde ar mo liosta. Ach fós is deacair substaint a fheiscint. Is geal le naomhseanchas an léirmheas úd.

    ReplyDelete
  10. Léigh mé dhá léirmheas eile, ó eolaithe seachas iriseoirí: agus tá amhras orm faoin bhfear seo.

    Chuir sé an leabhar i gcló é féin: is cosúil nach raibh scagadh ná léirmheas déanta ar an "Cinéal nua eolaíochta" seo ag eolaíthe.

    Tá amhras orm faoi freagraí simplí ar chastacht. Tá an leabhar fós ar mo liosta, ach amhras orm go mbeidh an oiread sin tairbhe le baint as.

    ReplyDelete
  11. Thug mé iarracht ar é a léamh thiar sa bhliain ar tháinig sé amach, gan tairbhe. Ach ní saineolaí mé. Séard a chuir imní orm ná nár pléadh an leabhar ina dhiaidh sin. Feictear dom gur fiontar eile ar fad an computational knowledge enginethuas.

    ReplyDelete
  12. N'fheadar. B'é a thuig mé ón mbuaileam scíth ar an suíomh ná go raibh sé ag cur na bprionsabal a léirigh sé ina leabhair i bhfeidhm ar an chuardach sa bhunachar atá á bhailiú aige: ag lorg na bpatrúin san eolas bunaithe ar a theoiricí maidir le hinill ceallacha.

    ReplyDelete