26 Meitheamh 2010

Chinook Jargon


Thug mé cuairt ar Powell's Books, siopa leabhar ollmhór i bPortland, Oregon, Dé Máirt, mar a bhfuair mé seoid bheag ar bheagán airgid. Le bheith cruinn, is leabhar beag é (4" X 6", 84 lch.) agus níor thug mé ach $19.95 air, níos lú ná leabhar nua faoi chlúdach crua.


Mar a fheiceann sibh, foilsíodh beagán níos mó ná céad bliain ó shin é agus tá inscríbhinn ón údar ann.


Pidsean nó nasctheanga is ea Chinook Jargon, a bhíodh in úsáid ar fud an Phacific Northwest sa naoú haois déag mar nasc idir na bundúchasaigh (a raibh a lán teangacha éagsúla acu), na trádálaithe Ceanadacha (a raibh Fraincis mar phríomhtheanga acu) agus na Meiriceánaigh. Ní teanga chríochnaithe a bhí inti, ach creatlach gharbh nach raibh ach ± 600 focal agus gramadach an-simplí aici *. Chuir mé suntas di den chéad uair fiche bliain ó shin nuair a tháinig mé go Seattle ó Chalifornia. Cé nach gcloistear í níos mó, tá sí le feiceáil ar fud na háite ar an léarscáil. Mar shampla, thrasnaigh mé an abhainn Skookumchuck ar an mbealach go Portland. Is ionann “skookum” agus "cumhachtach” agus ciallaíonn “chuck” “uisce” **.

* “A grotesque jargon called Chinook is the lingua-franca of the whites and Indians of the Northwest. It is a jargon of English, French, Spanish, Chinook, Kallapooga, Haida, and other tongues, civilized and savage.”
- Theodore Winthrop, 1863

** skookum [skúkǝm] = “cumhachtach, láidir; osnádúrtha agus contúirteach” ó [skᵂəkᵂúm] = “diabhal” sa teanga Lower Chehalis

** chuck [čək] = “uisce” ó [č’aʔak] = “uisce, abhainn” sa teanga Nootka (Nuu-chah-nulth)

5 comments:

  1. An-mhaith, a Dennis.
    Is seoid é, go cinnte. Rinne mé cuairt ar Powells roinnt bliana ó shin, ach chuala mé le déanaí go bhfuil an chuid is mó dá seanleabhair i teach stórála anois.
    Níl siad sa siopa a thuilleadh, ach díoltar tríd an idirlíon iad.

    ReplyDelete
  2. Ní raibh a fhios agam go bhfuil Abhainn Skookumchuk i Stát Washington.
    Seacht mbliana déag ó shin, nuair a bhí ár gcuid iníonacha trí agus ocht mbliana d'aois, chuamar go Skookumchuk Narrows i gCeanada. Áit an-spéisiúil é.
    Sruthaíonn an t-uisce go han-tapaidh tríd an caolas nuair a bhorrann an taoide.

    Sliocht ó suíomh B. C. Parks --
    "Skookumchuck Narrows Provincial Park provides trails and viewing areas for visitors who wish to experience the awesome power of incredibly turbulent tidal rapids. On a 3 metre tide, 200 billion gallons of water flow through the narrows connecting Sechelt and Jervis Inlet.

    The difference in water levels between one side of the rapids and the other sometimes exceeds 2 metres in height. Current speeds can exceed 30km/hr. The rapids are famous for their spectacular whirlpools and whitewater."

    ReplyDelete
  3. Sin chuck atá thar a bheith skookum!

    Maidir le John Gill, d'fhoghlaim mé -- a bhuí le Google, ar ndóigh -- gur rugadh é i Yorkshire, Sasana sa bhliain 1841. D'éirigh go maith leis mar pháipéaraí agus díoltóir leabhar i bPortland.

    ReplyDelete