05 Meitheamh 2010

Spanglish abú!



D'fhoghlaim mé dhá rud tábhachtach ó Suzanne, atá in cónaí i mBoise (Idaho), ag dinnéar aréir.

1) Is é Bueno Cheapo Vino an áit is fearr le fíon a cheannach ansin.

2) Deir na daoine atá ina gcónaí ann Boy-See, murab ionann agus an chuid eile againn a deir Boy-Zee. Is breá liom siobailit mar seo.

3 comments:

  1. Ar chuala tú "Wi-scon-sin" mar a deirtear na daoine a tógadh ansin, agus "Wis-con-sin" mar a deir mórchuid eile den chine daonna?

    ReplyDelete
  2. Níor thug mé an chéad fhuaimniú faoi deara riamh. Má chuala mé é, ní dhearna mé idirdhealú orthu. Rugadh is tógadh mé i gConcord, California. Ní mar /kon·kord/ a dúirt muid é, ach mar “conquered”!

    ReplyDelete
  3. Maidir le Spanglish, seo dhá abairt a chuala mé anseo ó dhaoine neamh-Easpáinneacha: "see you guys mañana" (trí lá ó shin) agus "oh madre, that's fantastic!" (inniu).

    ReplyDelete