15 Iúil 2010

fearrchúrsáil?


Seo trí shampla den rud a dtugann na Breatnaiseoirí “gwellgylchu” air. Dála chuile theanga eile inniu, tá focal acu ar “athchúrsáil”, mar atá “ailgylchu”, ó “ail” = dara (cf. “eile”) agus “cylchu” = timthriall (cf. “cycle”).

Ach tá siad tar éis focal nua a chumadh: “wellgylchu”; is é sin rud éigin níos fearr (= “gwell”) agus/nó níos áille a dhéanamh as rud éigin a chaithfí i dtraipisí murach sin.

Fearrchúrsáil i nGaeilge?






3 comments:

  1. Is maith liom "breáchúrsáil". Tá sé cosúil le "athchúrsáil", ach brí breise curtha leis.

    ReplyDelete