11 Iúil 2010

logainm gáirsiúil eile



Seanchárta poist é seo. Tá Rooster Rock ann fós, ar ndóigh. Is cuid de Rooster Rock State Park anois é. Deir an t-alt seo ag Wikipedia faoi Rooster Rock gur “iwash” a tugadh air sa Chinook Jargon, ach níl mé cinnte faoi sin. “Wootlat” a chuala mé riamh. Seo an méid a deir Gill:


Ach tá an ceart ag Wikipedia gur babhdlaráil (bowdlerization) atá san ainm Rooster Rock. “Cock Rock” a bhíodh air.

6 comments:

  1. Agus, rud nárbh eol dom, oibríonn sé i nGaeilge:

    fallas mothaitheach

    (seachas fallás)

    ReplyDelete
  2. Á! Bod an Mhanaigh.

    ( Scannán Bhab Cuinn )

    Fearn

    ReplyDelete
  3. Níl a fhios agam cá bhfuil Budawanny, ach tá Budadoon ann. Dhá cheann acu, déanta na fírinne: ceann amháin in Albain, agus ceann eile i nDún na nGall, más fíor do logainm.ie.

    ReplyDelete
  4. Tá sé ina áit ceart go leor,bhuel, is carraig é amhail an ghrianghraf; ach cá háit? Oileán Cliara, sílim.

    Fearn

    ReplyDelete