20 Meán Fómhair 2010

díbhaisteadh?


In alt ar an New York Times inniu, deirtear go ndúirt Jürgen Mettepenningen, urlabhraí an Ardeaspaig Léonard, go bhfuil na céadta Caitliceach Beilgeach tar éis litreacha a chur chucu ag iarraí “díbhaisteadh”*. Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de dheasghnáth ar fáil. Chuaigh mé caol díreach go Google, mar is iondúil, agus d'fhoghlaim mé go bhfuil daoine ann atá á dhéanamh dóibh féin - le triomadóirí gruaige!


* “Hundreds of Belgian Catholics have already sent letters asking to be debaptized, said Jürgen Mettepenningen, the spokesman for Archbishop Léonard.”

5 comments:

  1. Scéal cut and dried an ndéarfá, nó dried and cut loose, meas tú...

    ReplyDelete
  2. N'fheadar an mí aistriú atá i gceist. Ní féidir, de réir teagasc na hEaglaise, baiste a chuir an neamhní. Gan amhras, is féidir éirí go foirmeálta as an Eaglais; agus i dtíortha áirithe mar a bhailíonn an Stáit airgead ar son na hEaglaise, bíonn gníomh riaracháin i gceist.

    Agus tá an gheáitsíocht úd leis na triomadóirí sórt leanbaí.

    ReplyDelete
  3. Ag diúltú Críost go foirmeálta atá siad, na créatúir bhochta. Ach ní féidir gníomh a rinneadh a scriosadh. Rinneadh.

    ReplyDelete
  4. Cuireann sé marc spioradálta doscriosta ar an anam. Ach níl siad rócliste. Tacaíonn gníomhartha acu leis an bhaisteadh. Daoine bochta!

    ReplyDelete
  5. Rinne mé cuardach Google leis an abairt “heat will set the stain” agus fuair mé ± 5,780 toradh. Is cosúil go bhfuil an ceart agat!

    ReplyDelete