22 Meán Fómhair 2010

Ganesh Chaturthi


Ganesh, i riocht íomhá, á iompar i Mumbai
go dtí an Mhuir Arabach,
mar a bhfágfar san uisce é
ag deireadh na féile

Rith an fhéile bhliantúil Ganesh Chaturthi (गणेश चतुर्थी) ó 11 Meán Fómhair go 22 Meán Fómhair i mbliana.

Cloiseann muid gan stad faoin bPápa agus a Eaglais agus a gcuid trioblóidí, faoi na Giúdaigh is na Moslamaigh agus a gcuid achrann, ach is beag a chloiseann muid faoi na Hiondúigh agus a gcuid déithe. Tá an dia áirithe seo, Ganesh, thar a bheith लोकप्रिय (.i. daoine-ionúin .i. tá sé i bpáirt le gach duine) san India. Fuair mé na pictiúir seo ón Times of India. Dá mbeadh orm dia a adhradh, thoghfainn Ganesh.

An bhanaisteoir Bollywood Hema Malini ag déanamh Ganesh Vandan

Íomhá den dia á hiompar ón gceardlann ag tús na féile

Dhéantaí na híomhánna seo as cré sa sean-am. Tumann lucht leanúna Ganesh na híomhánna i loch nó in abhann nó sa mhuir ag deireadh na féile. Leáidís ar ais sa chlábar sna laethanta sin gan dochar dá laghad a dhéanamh. Ach anois déantar as plástar Pháras iad de ghnáth. Ní leánn siad chomh héasca sin agus déanann siad dochar don chomhshaol. Mar sin, tá feachtas ar siúl leis an seanstíl a thabhairt ar ais.

9 comments:

  1. Nach bhfuil an cine daonna beagáinín craiceáilte lena ndéithe go léir!
    Sin an chéad rud a ritheann liom ag amharc ar na grianghraif seo.

    Agus cuireann sé an jóc seo i gcuimhne dom :)

    ReplyDelete
  2. An chéad rud a thug mise faoi deara ná go thosaigh an ceiliúradh ar 'the god for everybody' ar 9/11 i mbliana.

    @'Nach bhfuil an cine daonna beagáinín craiceáilte lena ndéithe go léir!'

    B'fhéidir é, a Dhubhaltaigh, ach dá mbeadh ceann uilíoch amháin ann, fearacht Ganesh, ni bheadh an oiread sin daoine 'creaiceáilte' ann, b'fhéidir!

    ReplyDelete
  3. B'fhéidir nár chóir domh é a rá mar "déithe go léir" agus ní masla sin in aghaidh na heilifinte le géaga thuas ar eagla na míthuisceana, ach a rá, cad é atá ionann a chiallaíonn go bhfuil gá againn le déithe nó Dia amháin fiú?

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat as an bpíosa grinn sin, a Dh!

    ReplyDelete
  5. "is beag a chloiseann muid faoi na Hiondúigh"
    Dáiríre? Chuala tú faoi Chaismír, tá súil agam! Troid eile gan deireadh (leis na Muslamaigh).

    ReplyDelete
  6. @ 'cad é atá ionann a chiallaíonn go bhfuil gá againn le déithe nó Dia amháin fiú?'

    Níl an gá sin ionaim, mar sin níl an freagra sin agam duit, a Dhubhaltaigh.

    Mo chuimhne, bhain mé sult as an bhfíseán sin - iontach greannmhar!

    ReplyDelete
  7. Chuala tú faoi Chaismír, tá súil agam!

    Is fíor duit. Tá na Caismírigh an-chosúil leis na Palaistínigh, nach bhfuil? Dhá phobal a bhfuil féinchinntiúchán ag teastáil uathu ina dtír féin.

    ReplyDelete
  8. @Dubhaltach; ceann maith.

    Cosúlacht eile idir an Chaismír agus an Phalaistín; iarsmaí an coilíneachas iartharach agus an divide et impera...

    ReplyDelete
  9. @ "is beag a chloiseann muid faoi na Hiondúigh"

    Seachas tinte ealaíne oíche Diwali i Londain :) Agus déarfainn go mbeidh Cardiff chomh glórmhar céanna.

    ReplyDelete