07 Meán Fómhair 2010

seanscríobh?


An focal é seo, nó abairt iomlán?

Tá an líníocht seo ón leabhar The Pictish Symbol Stones of Scotland. Ní deir údar an leabhair, Iain Fraser, gur “scríobh” atá sna pictiúir/comharthaí seo. Ach tá fear eile, an tOllamh Rob Lee ó Ollscoil Exeter, ag maíomh gur script atá ann agus go bhfuil cruthú matamaiticiúil aige go bhfuil an ceart aige. Pléann Phil Dunshea (Ollscoil Cambridge) an cheist anseo. Is léir ón bparagraf deireanach nach bhfuil chuile dhuine den tuairim go bhfuil aon substaint i teoiric an Ollaimh Lee. Mórán cainte ar bheagán cúise?

2 comments:

  1. Is léir domsa.

    Is ionann aon scáthan agus dhá shúil sprioc móide aon iasc amháin.
    Cruthú matamaiticiúil!

    ReplyDelete
  2. AGOA! Sin agat é, gan dabht dá laghad.

    2 shúil + bradán = scáthán

    Tá ainmneacha eile ag na scoláirí ar chuid de na comharthaí seo, mar atá:

    “double disc and Z-rod”, “fish”, “comb and mirror”

    Tagann an chíor agus an scáthán le chéile go minic, ach ní i gcónaí. Téann slat-Z tríd an diosca dúbailte de ghnáth... ach ní i gcónaí.

    Tá cuid de na scoláirí den tuairim gur araltas, nó rud éigin an-chosúil leis sin, atá sna comharthaí seo. Is dóigh liomsa go bhfuil an ceart acu.

    ReplyDelete