05 Meán Fómhair 2010

Tí'Swaq'



Seo grianghraf a thóg mé seachtain ó shin ón Union Bay Natural Area. “The Mountain” a thugann muid ar an sliabh de ghnáth, ach is é Mt. Rainier an t-ainm oifigiúil atá air. D'ainmnigh Sasanach amháin, an Captaen George Vancouver, as Sasanach eile é, cara leis leis darbh ainm Peter Rainier. Aimiréal a bhí ann nach bhfaca an sliabh riamh! Céard go díreach a rinne an tUasal Rainier riamh ar ár son le go mbeadh ómós buan againn dá ainm???

Is sliabh maorga é, volcán atá chomh hard go bhfuil sé clúdaithe le sneachta an bhliain ar fad. Tá níos mó ná 26 oighearshruth air. Tá sé níos sneachtúla ná aon bhinn eile sa tír seo taobh amuigh d'Alaska.



Feicim anois go bhfuil feachtas nua ar siúl le hainm eile -- seanainm de réir na ndaoine a thacaíonn leis -- a bhaisteadh ar An Sliabh. Níor chuala mé an t-ainm seo, Tí'Swaq', riamh roimhe seo. "Tacoma / Tahoma" (ó Tǝqúbǝd nó Təqʷúʔbəʔ) a chloistear de ghnáth mar mhalairt ar Rainier.

1 comment:

  1. Níl trácht ach ar aon sliabh amháin anocht, a Dennis, i ndiaidh cluiche ceannais na hiomána. Sin Sliabh na mBan. Up Tipp!

    ReplyDelete