24 Deireadh Fómhair 2010

béile Liobánach


Sheol mo neacht Jessica dornán grianghrafanna chugam inné, pictiúir a thóg sí le linn cuairte orainn i Mí Lúnasa. Rinne Maxime-le-Parisien, a bhí ar cuairt orainn san am céanna, béile mór Liobánach dúinn oíche amháin. Ba cheart dom “lá amháin” a rá, toisc gur chaith beagnach an lá ar fad sa chistin á chur le chéile. Mionghearrtar go cúramach chuile rud a théann isteach i mbéile mar seo.


Seo radharc ar an bhféasta, díreach roimh shuí chun boird dúinn:


Bhí 1o mias againn, móide arán pita agus fíon, gan trácht ar an milseog!

3 comments:

  1. Tá súil agam go raibh bon appetit agaibh!

    Níl aon nath a fhreagraíonn go sásúil do "bon appetit" sa Ghaelainn, nach ea?

    Dála an scéil, tá míniúchán cineál crúalach ag na Gearmánaigh don easnamh sin ar theangacha dúchais an Oileánra Thiar Thuaidh!

    ReplyDelete
  2. Shíl mé riamh nach raibh “Mahlzeit!” (Béile!) aon phioc níos fearr ná an “Dig in!” a chloistear abhus anseo. Thaitin “Buen provecho” na Spáinnise liom riamh.

    Maidir le leaganacha Gaeilge, is cuimhin liom an cheist seo a bheith á plé áit éigin ar líne. Fan go bhfeice mé...

    ReplyDelete
  3. Seo iad na leaganacha a tugadh dúinn ar an bhFóram cúpla bliain ó shin:

    "Làmh fhada agus cead a sìneadh"
    - Caomhín Ó Donnaíle (as Albain)

    "Go ndéana sé a mhaith duit/daoibh."
    - Seosamh Mac Muirí

    "Go dtuga sibh an cath."
    - Eoghan McKendry, a chuala é seo i dTir Chonaill tráth

    "Bígi go subhach."
    Freagra: "Subhach na Rí duit."
    - Paul Larkin, a fuair é seo ó Fhínín Mac a Bhaird as an Teileann
    (Dún na nGall)

    "Ith do sháith, ith do dhóthain."
    Chuala mé rud cliste i mBéarla uair "I'll thank you for the next meal for I am sure of this one"
    "Go mbuanaí Dia do sháith agat", (expressing gratitude for food, favour) may God leave you in plenty always.
    - Pól Ó Muireasáin

    "Caith siar é agus ná bí ag breathnú air," a deireadh m'uncail ach is tagairt don phoitín a bhíodh sé. Is é an rud a ritheadh chugamsa mar aistriúchán ná "bain taitneamh as" bíodh is nach léir dom go bhfuil aon bhunús dúchasach leis go bhfios dom.
    - Colm Mac Confhaola

    "Go ndéana sé beatha is sláinte duit" a chuala mise
    - Úna Bhreathnach

    "Maitheas bhainne cíche an róin go ndéana sé duit/daoibh, agus cloch gearaigh go gcuire sé ionat/ionaibh." Leaganacha a bhíodh ag Niall O Dubhthaigh, as an Bhealtaine agus a bhí coitianta tráth - ach is ag caint ar phóitín nó ar uisce beatha a bhíodh seisean fosta.
    - Lillis Ó Laoire

    "Suígí isteach chun an bhoird agus tarraingígí oraibh."
    - FGB (s.v. "tarraing")

    Chuala mé "Bolg is teann chugat."
    - Dónall Ó Riagáin

    Leagan deas a fuair mé ón Ollamh Joe Watson, a chuala i nGleann Cholm Cille é: "Punta geire go gcuire sé ort".
    - Antain Mac Lochlainn

    ReplyDelete