31 Deireadh Fómhair 2010

ceann gan cholainn?



An macalla de “shealgaireacht ceann” na Sean-Cheilteach é an lampa tornapa seo?

Bhí sé de nós ag gaiscígh Cheilteacha ar an Mór-roinn cinn a gcuid naimhde a theascadh agus a bhreith leo abhaile mar thrófaithe. Luaitear an nós céanna i seanscéalta na nGael. Sa sliocht seo as Scéal Muice Mhic Dathó tá laochra na hÉireann ag sáraíocht ag féasta faoi cé acu is cróga. Beidh cead ag an laoch is fearr an mhuc a roinnt agus an churadhmhír a ithe.

“Ata imorro,” ar Conall.

“Luím luighe mo thuaithe, ó ghabh mé ga im láimh, ní minic a bhí mé gan cheann Connachtaigh faoi mo cheann ag codladh, agus gan duine a mharbh gach aon lá agus gach aon oíche.”

“Toṅgu na toṅgat mo thuath, o ra-gabus gai im láim, nach menic robá cen chend Connachtaig fóm chind oc cotlud, ocus cen guin duine cech oen lá ocus cech oen aidchi.”

“Is fíor,” arsa Cead, “gur laoch níos fearr ná mise tusa. Dá mbeadh Anluan sa teach, thabharfadh sé comhrac ar chomhrac duit. Is náire dúinn nach bhfuil sé istigh.

“Is fir," or Cet, "at ferr do laéch andó-sa. Mad Anluan no-beth is taig, doberad comram ar araile duit. Is anim dún na fil is taig.”

“Ach tá,” arsa Conall, ag tabhairt cheann Anluain as a chrios. Agus radann sé ar ucht Cheid é le gur bhris brúcht fola ar a bhéal.

“Atá imorro,” ar Conall ic tabairt chind Ánlúain assa chriss, ocus nos-leice do Chet ar a bhruinni, cor-roimid a loim fola for a beolu.

4 comments:

  1. Daoine deasa, ambaist!

    An teoiric de do chuid féin atá anseo, nó an bhfuil fianaise eile ag dul leis?

    (Cloigeann duine eile ba thrúig báis do Concubhar mac Neasa, más buan mo chuimhne. Agus baiste fola tuilte aige dá réir, de réir an leagan Críostaíthe dá scéal)

    ReplyDelete
  2. Níor léigh mé aon rud riamh faoi seo in aon iris léannta nó eile. Theip orm rud ar bith a fháil nuair a rinne mé cuardach Google. Ach is féidir, mar sin féin, go bhfuil tráchtas iomlán ar an teoiric seo i bhfolach áit éigin. Má tá, ba bhreá liom é a léamh!

    Níl aon fhianaise eile agam féin ach oiread. Séard a tharla ná gur shíl mé gur aithin mé móitíf chultúrtha/ealaíonta anseo. “Macalla,” mar a dúirt mé, ach tá daoine ann a déarfadh gur rud éigin Jungian atá i gceist.

    ReplyDelete
  3. Bhuel, ní chaillfidh muid an cloigeann faoi bealach amháin nó bealach eile.

    ReplyDelete
  4. “Atá imorro,”...

    Sin cor sa reacaireacht atá ar aon chéim le scéinséir nó scannán uafáis an lae inniu!

    Ba iad na chéad Chríostaithe, is dócha, a chuir ina luí ar na gaiscígh tornapa in ionad cloiginn an namhad a úsáid mar "mhaisiúchán".

    Dála an scéil, is é Rübe (Tornapa, nó fréamhacha eile) an leasainm do "chloigeann" sa Gearmáinis.

    ReplyDelete