01 Deireadh Fómhair 2010

Chseoin



Seo rann greannmhar ón ochtú haois déag (An Coláiste Ollscoil, BÁC: LS A33, lch. 108) a bhfuil litriú an-suimiúil ar fhocal amháin: Chseoin in áit Sheoin.

An bríste sin Chseoin, ní hiongna a bheith fann;
bíon san lá air a thóin, & san oídhche air a cheann.

Tá loighic leis an litriú Chseoin, bíodh is go bhfuil sé sách aisteach. Míniú ag éinne?

5 comments:

  1. Tá. Ach fanfaidh mé le daoine eile.

    ReplyDelete
  2. Tá sé cosúil leis an gcaoi a scríobhtar an t-urú: Ní léitear ach an chéad chonsan. Séard a bhí sé ag iarraidh a chur in iúl, go mba cheart an t-ainm a rá mar "Cheoin", is é an tuairim atá agamsa.

    ReplyDelete
  3. Tá mé ar aon tuairim leat, a Pheter. An consan caol /x’/ atá i gceist, .i. an chéad chonsan in Chiarraí, chéad, sheol, shiopa, etc.

    ReplyDelete
  4. Chun tábhacht a chur ar seo is dóiche, gur cheart fuaim láidir, “Cheoin”, a chur air, in áite “Seoin” nó (níos laige?) “Sheoin” no “Shoin”, sa chaoi go mbeadh sé ar aon dul le “Cheann” ag deireadh an rainn. Féach gur chuireadh ceannlitir ar “Cheann” chun tábhacht a chur ar an fhocal sin fosta.

    ReplyDelete