26 Deireadh Fómhair 2010

luí na gréine i bPáras


7 Deireadh Fómhair 2010
(cliceáil le méadú)

Fuair mé dornán grianghrafanna ó Mhaxime (a chonaic sibh sa chistin cúpla blagmhír ó shin) inné, grianghrafanna a thóg sé óna árasán i bPáras den ghrian ag dul faoi ó lá go lá. Is dóigh liom go bhfuil an ceann seo go hiontach.

5 comments:

  1. Cuireann an grianghraf seo i gcuimhne dom gur bhain daoine ar fud an domhain úsáid as starraicí ar fhíor na spéire (beanna, etc.) le cuairt na bliana a leanúint sa sean-am. Sa chás seo, tá grianghraf eile ann a tógadh ceithre lá níos déanaí mar a bhfuil an ghrian ag dul faoi níos faide ó dheas, idir an Túr Eiffel agus cruinneachán na heaglaise ar clé.

    Mar a deir an t-amhrán le Tadhg Mac Dhonnagáin:

    Imíonn an t-am a stór
    Casann an domhan mór
    Geimhreadh, Earrach, Samhradh ‘s Fómhar
    Imíonn an t-am.

    ReplyDelete