13 Samhain 2010

amparsan agus ?



Ampersand an t-ainm atá ar an lógógram idir pay agus display san fhógra seo atá le feiceáil ar fud BÁC. Deir focal.ie gur cheart dúinn amparsan a thabhairt air i nGaeilge. Tá lógógram dár gcuid féin againn, ar ndóigh, atá le feiceáil thuas idir íoc agus taispeáin. Ach cén t-ainm atá air?

Tá an t-ainm ampersand réasúnta nua, dála an scéil. Bhíodh áit ag “&” mar an litir dheireanach den aibítir i scoileanna sa naoú haois déag. Nuair a d'aithrisídís mic léinn an aibítir, deiridís a, b, c, d ... x, y, z, and per se and. Is ó na ceithre fhocal seo ag deireadh na haithrise a tháinig ampersand.

Maidir leis an “amparsan Gaelach”, is nod é a tháinig ón Laidin. Is féidir é a scríobh leis an uimhir “7”, cé go bhfuil áit aige in Unicode ag pointe U+204A. Athraíonn an chuma atá air beagán ó chlófhoireann go clófhoireann: . Ach arís, cén t-ainm atá air?

7 comments:

  1. Tá an cuir síos "Tironian et" feicthe agam air.

    Agus Thiro, mar sin? Nó Agus an Thirónaigh?

    ReplyDelete
  2. (Dála an scéil, "agus an cheannaí" (Kaufmanns und) a tugtar ar an amparsan sa Ghearmáin

    ReplyDelete
  3. Sea muis a Aonghuis,

    An ndéarfá "et Tíorónach" ? (Más é an focal Laidne a úsáidtear i mBéarla, cén fáth narbh amhlaidh mar a d'úsáidfí i nGaeilge é...)

    ReplyDelete
  4. Feicim gur "et" a úsáideann lucht na Gearmáinise, mar sin is dócha go bhfuil an cheart agat. (Ach ní leor dom an chúis go n-úsáidtear rud sa Bhéarla!)

    Feicim gurbh le ceannaithe a nascann lucht na Fraincise an amparsan freisin.

    ReplyDelete
  5. Níl aon locht ar “et Tíorónach” mar ainm air, bíodh is go bhfuil “Tíorónach" an-chosúil le “tíoránach”. Is trua, mar sin féin, nach bhfuil ainm gonta eile againn air freisin. Tig linn a rá, mar shampla, “c a bhfuil ponc séimhithe air” nó “c buailte”.

    ReplyDelete
  6. Bhí léachtóir agam sa choláiste fiche blian nó mar sin ó shin agus deireadh sé linn gur thosaigh sé ag obair nuair a cháilíodh é i 'Pee Seven Tee'. Sin is dócha an leasainm a bhíodh ar an gcomhlacht úd óna d'fhás An Post agus Eircom. P⁊T.

    ReplyDelete
  7. Pee Seven Tee

    :-) Ní chuireann sé sin ionadh dá laghad orm. Ach nílim féin sásta “seacht” ar chur mar leasainm ar an et Tíorónach.

    ReplyDelete