28 Samhain 2010

focal nó dhó eile



Téann toscaireacht go dtí an raibí.

“Abair linn i mbeagán focal conas atá cúrsaí.”

“Go maith,” a deir an raibí.

“Ar mhiste leat focal nó dhó eile a rá?”

“Ní go maith,” a fhreagraíonn an raibí.

Aleksander Kwasniewski, iar-uachtarán na Polainne, a d'inis an scéilín seo le cur síos a dhéanamh ar staid a thíre féin. Rinne sé gáire tar éis dó an scéilín a insint, agus ansin dúirt nach raibh sé greannmhar.

1 comment:

  1. Bhuel, beidh muid ag foghlaim ceachtanna sa ghreann dóite ó Raibí mar é abhus go ceann tamall.

    ReplyDelete