13 Samhain 2010

nod leat



Ní dóigh liom go gcloistear na focail “nota bene” go minic, agus ní scríobhtar go minic iad ach oiread, ach feictear na litreacha “NB” nó “N. B.” minic go leor. “Tabhair aird ar an rud seo” an chiall atá leo. Ní deir éinne “en bí” ach oiread, ar ndóigh. An rud a chloistear i mBéarla, agus a scríobhtar freisin, ná “note that…”

Is é an leathbhreac Gaeilge de seo “tabhair faoi deara go/nach…” Maith go leor, ach tá sé seo beagáinín foclach i mo thuairimse. Tá rogha eile againn. Bhíodh an abairt “nod leat go/nach…” sách coitianta i nGaeilge Chlasaiceach. Tá sé le fáil fós in FGB, s.v. “nod”, leis an lipéad Lit.

Sílim go bhfuil sé thar am againn feidhm a bhaint as an abairt seo arís, i nGaeilge scríofa ar aon nós. Feicim go bhfuil tús curtha leis an athshlánú ag lucht Vicipéide in dhá alt ar na réaltbhuíonta: An Altóir agus An tAoire. Mar shampla:

“Nod leat go dtugtar an t-ainm céanna ar Gamma Boötis.”

4 comments:

  1. Is leor nod don eolach. Is maith liom an nath.

    ReplyDelete
  2. Maith thú! Is ag faire na faille len é a úsáid a bheas mé.

    ReplyDelete
  3. Is maith liom an nath, freisin, a Dennis, agus bainfidh mé úsáid as, ach an deis a fháil.

    Tá 'comharthuighim -ughadh' ag O'Neill Lane - 'to notice with care, to observe, to remark'

    ReplyDelete
  4. Agus "comharthaigh = mark; indicate; signify, designate” in FGB: “comharthaigh le do mhéar é”.

    ReplyDelete