22 Nollaig 2010

cáfraith

Ar ith tú cáfraith riamh? An fíor-stuif a dhéantar as min choirce? Tá sí bog, síodúil, agus beagán géar. Tá ainmneacha eile uirthi: sowens (.i. suán in Gaeilge an lae inniu) in Albain is in Éirinn, cowree i Manainnis, kaerakile san Eastóin, llymru sa Bhreatain Bheag, agus flummery (ón mBreatnais) i Sasana. Milseog atá inti. Rinne mé í den chéad uair riamh an tseachtain seo. Níl sí deacair ná costasach, ach tógann sí cúpla lá ó thosach go deireadh.
cáfraith le síoróip mhailpe uirthi
Níl inti ach min choirce agus uisce. Cuirtear an mhin choirce ar maos i neart uisce ar feadh cúpla lá. Scagtar an stáirse, atá beagán géar faoin am seo, ón gcuid eile* den mhin. Bruitear an stáirse móide an t-uisce a tháinig leis ar feadh cúpla nóiméad, á shuaitheadh gan stad. Ramhraítear an “léite” go luath. Is féidir siúcra agus/nó blaistiú (sú, spíosraí, fanaile, etc.) a mheascadh tríd ag an bpointe seo. Lig don cháfraidh fuarú sa chuisneoir. Is féidir í a ithe le do rogha anlann ansin.
* Is féidir an chuid eile a úsáid le haghaidh leite nó arán.
Séard atá ann dáiríre ná leagan ársa den rud a dtugann muid pudding air i Meiriceá. I bhfocail eile, Birds Custard Powder (ach níos raimhre). Seard atá i mBirds agus i Jello Pudding ná gránphlúr ó arbhar Indiach in áit an stáirse coirce atá i gcáfraith. Níl a fhios agam an bhfuil stáirse coirce níos sláintiúla ná gránphlúr nó cornstarch, ach ba mhaith liom a smaoineamh go bhfuil.
Seo é an t-oideas a lean mé, ón leabhar The English Art of Cookery le Richard Briggs (Londain, 1788):
Ba cheart dom triail a bhaint as babhla cáfraith le fíon agus siúcra anois!

2 comments:

  1. Caith súil ar an tamhráin a thaifeadta le Frank Harte ar an ndlúthdhiosca 'There's Gangs of them Digging', i mblian 2005. 'Tambo', nó 'The Magherafelt hiring fair' is ainm atá air, agus tá rann ann a deirtear:
    "Well what's the diet then mistress?
    Sowans and eels Tambo, Tambo,
    Sowans and eels my heart and my Jo,
    Sowans and eels say you and say I...
    And what an' a rantin' young widow am I."
    Míntear Frank an focal mar seo:
    "Sowans was an article of diet in common use in Ireland. It consisted of farinacious matter extracted from the bran or husks of oats by steeping in water, allowed to ferment slightly, and prepared by boiling."

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, John. Meas tú an bhfuil níos mó ná ciall amháin le baint as “sowans and eels”, ós baintreach óg í an mháistreás?

    ReplyDelete