26 Nollaig 2010

loch agus lochrúna


loch .i. dub
(LS Laud 610.79r)


lochruna .i. dúbrúna
(Leabhar Breac, lch. 268)

Focal ársa is ea “loch” leis an gciall “dubh”. Bhí sé as feidhm, den chuid is mó, míle bliain ó shin. Is dá bhrí sin atá sé le fáil in Sanas Cormaic (an foclóir sanasaíochta is sine in aon teanga neamh-chlasaiceach Eorpach). Deir an chéad sliocht thuas gurb ionann “loch” agus “dubh”. Deir an dara sliocht gurb ionann, mar shampla, “loch-rúna” agus “dubh-rúna”.

Tugann an iontráil sa Leabhar Breac an tsolaoid seo freisin:

Asoilgi laith lochrúna.

Osclaíonn leann dubhrúin.

Is léir gur seanfhocal atá ann, cosúil le “In vino veritas” na Laidine. Tá leagan nó dhó de seo i nGaeilge an lae inniu. Ós é seo séasúr an ólacháin chomh maith le séasúr an itheacháin, b'fhéidir gur feiliúnach an nath seo.

Dála an scéil, tá mé díreach tar éis an nath seo a chur leis an mbailiúchán Sengoídelc.

5 comments:

  1. Is maith liom go bhfuil tú ag cur leis arís.

    Ar tháinig an focal ar áit leathan uisce ón gciall dubh nó a mhalairt, ar eol duit?

    (Sceitheann fíon firinne an leagan is túisce a ritheann liom, ach tá Seanfhocail Connachta bronnta don Nollaig orm,mar sin beidh fairsinge le mo nathaíocht...)

    ReplyDelete
  2. Ar tháinig an focal ar áit leathan uisce ón gciall dubh nó a mhalairt, ar eol duit?

    Níl a fhios agam (fós).

    ReplyDelete
  3. Is cosúil nach bhfuil aon nasc idir an dá fhocal seo, loch = dubh agus loch = linn mhór uisce.

    ReplyDelete
  4. Nuair a bhíonn an t-ól istigh, bíonn an fhírinne amuigh, mar sin...;-)

    ReplyDelete