20 Nollaig 2010

An rud a rinne Molly anocht


láithreach na coire


déantóir na coire

5 comments:

  1. Ealaín?
    Tóg grianghraf de agus cuir i bhfráma é. Ealaín.

    http://www.monpa.com/wcp/

    ReplyDelete
  2. Thosaigh Molly “ar an ealaín seo” nuair a bhí sí an-óg. Tá pictiúr agam a rinne sí nuair a bhí sí ina piscín bídeach, a lapaí beaga clúdaithe le péint agus í ag siúl thart ar an bpáipéar. Ní raibh mé i láthair an lá sin. Bhí sí fós ina cónaí ag Meow, dídean na gcat, lena deartháir agus na cait eile a bhí ag fanacht le huchtú. Dhíol siad na pictiúir le hairgead a bhailiú. Ní raibh an dara rogha agam - cheannaigh mé an ceann a rinne Molly. Níl mé cinnte cá bhfuil an píosa ealaíne sin anois. Níl sé ar an mballa.

    ReplyDelete
  3. Ach, an bhfaca tú í i mbun coire? An bhfuil tú cinnte gurb í Molly bhocht a rinne é seo? Breathnaigh ar an aghaidh shoineanta sin...:-)

    ReplyDelete
  4. Is gleoite an caitín í, ciúin agus geanúil. Ach is ise a dhéanann slad sa teach: bláthchuacha briste, tochailt sna plandaí pota, etc. Tá a deartháir níos madrúla: tuigeann sé go bhfuil rialacha ann agus tá a fhios aige nuair a rinne sé rud éigin crosta. Is dóigh léise gur banphrionsa í agus nach féidir léi aon rud mícheart a dhéanamh.

    ReplyDelete