31 Eanáir 2011

Níor ghráigh sí an saol seo.


lch. 39 in LS A 2 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Ní car Brigit buadach bith.
Síasair suide eoin i n-ailt.
Contuil cotlud cimmeda
ind nóeb ar écnairc a mmaicc.

Seo é an chéad rann de “Iomann Bhrócáin”, curtha in eagar le Stokes agus Strachan in Thesaurus Palaeohibernicus. Agus seo leagan de i nGaeilge an lae inniu a chloíonn chomh dlúth agus is féidir leis an mbunleagan:

Níor ghráigh Bríd Bhuach an bith.
Shuigh sí suí an éin ar aill.
Chodail sí codladh an chime,
an naomh, ar son a mic.

Is ionann “a mac” anseo agus Íosa. Mhaígh na Sean-Ghaeil gur buime Íosa a bhí i mBríd.

Is fíormhaith liom na meafair seo, den éan atá suite go faicilleach ar imeall na carraige, agus den chime nach bhfuil cinnte dá bhfuil ag fanacht leis ó lá go lá.

Tá rud eile sa rann seo don té a bhfuil suim aici i stair na teanga: an rud a dtugann na scoláire an figura etymologica air. Séard atá ann ná úsáid an ainm bhriathartha (suí, codladh) leis an mbriathar féin (suigh, codail). Ní dhéantar é seo go minic inniu, ach bhí an múnla gramadaí seo sách coitianta sa tSean-Ghaeilge.

30 Eanáir 2011

An bhfuil maith ar bith ann?


An teaghlach ríoga atá mé a rá.



“Luigh siar agus smaoinigh ar Shasana.”

Más féidir le duine cliste brabach a dhéanamh orthu, caithfidh sé go bhfuil ról acu sa saol seo fós... bíodh is go bhfuil siad chomh díomhaoin le damh san eadra an chuid is mó den bhliain.

29 Eanáir 2011

sluán




Ní bheidh smacht aige orainn!


Triúr Sannyasi



Ní manaigh atá ann sna leaganacha Sanscraite agus Hindise den scéilín, ach sannyāsi-nna. Tugtar sādhu-nna orthu freisin. Ṣūfī-nna is ea iad sa leagan Urdúise. Rinneadh an téacs a logánú sna haistriúcháin seo.

Smaoinigh mé air seo toisc gur léigh mé alt ar an Wall Street Journal inniu ar thaispeántas grianghrafadóireachta le Thomas Kelly a d'oscail i Nua-Eabhrac Dé hAoine sa Rubin Museum of Art.

Sadhu sa Neipeál, le Thomas Kelly

Dála an scéil, tá mé ag fanacht le haistriúchán Neipeáilis anois. Thug mise iarracht ar Neipeáilis a chur air, agus chuir cara liom é seo chuig a chuid cairde Neipeálacha. Tá mé cinnte go ndearna mé praiseach uafásach de, ach tá súil agam go ngríosóidh an t-uafás seo iad chun leagan níos fearr a chumadh!

Triúr Manach in Araibis


Manaigh Choptacha san eaglais nua ag Abu Fana

leagan Araibise den scéilín Sean-Ghaeilge ar an suíomh anois. Is tráthúil an t-aistriúchán seo leis an méid atá ag titim amach san Éigipt agus i dtíortha eile an Domhain Arabaigh. Maidir leis na manaigh seo, dódh a n-eaglais nua sa bhliain 2008, agus tá an pobal Coptach faoi bhrú leanúnach san Éigipt. Ní mór don Éigipt nua a cuid mionlach uilig, idir Choptaigh agus aindiachaithe, a chosaint ó ghéarleanúint.

diacht in oighear


Níl a fhios agam an cuimhin libh an focal “acheiropoieton”. Íomhá a dhéantar go nádúrtha, gan bhaint ag aon duine ina chruthú, is ea é.



Seo agaibh acheiropoieton a fuarthas le déanaí i nDearborn Heights, Michigan. Sconna a raibh uisce ag sileadh de a rinne an íomhá seo de Mhuire.



Tá an ceann eile seo le fáil in uaimh sna sléibhte Himalaya. Amarnath an t-ainm atá ar an suíomh ársa oilithreachta seo. Shiva lingam atá ann, dar leis na Hiondúnna. Téann sé i méad agus i laghad leis an séasúr, ach bíonn sé ann i gcónaí. Tagann na mílte duine sa samhradh gach bliain leis an lingam seo a adhradh.

28 Eanáir 2011

rop lir do chlann



rop lir do chlann gainim lir

Go raibh do chlann chomh líomhar le gaineamh na farraige!

Is cuid de dhán í an bheannacht seo, dán a cuireadh i mbéal Phádraig Naofa agus atá le fáil in “Genelach Conmaicne” sa lámhscríbhinn Rawl. B 502 (fol. 87r).

Is maith liom an t-imeartas focal atá againn anseo leis an dá fhocal “lir”.

1) Is aidiacht é an focal “il” sa tSean-Ghaeilge. Ciallaíonn sí “líonmhar”. Bhí cleas acu ag an am sin nach bhfuil againn níos mó: an chéim chothraim nó the equative. Is í an chéim chothroim den aidiacht “il” (aidiacht mhírialta, dála an scéil) ná “lir”. Is ionann “lir” agus “chomh líonmhar (le)”.

2) Tá an focal “lear” againn fós. “Farraige, aigéan” an chiall atá leis (“dul thar lear”) agus is é an ginideach atá aige ná “lir”.



Chuir an bheannacht seo an íomhá seo i gcuimhne dom!

27 Eanáir 2011

poutine, currywurst, frito pie



Ainm: Poutine
Gnáthóg: Ceanada
Comhábhair: sceallóga, gruth, súlach donn



Ainm: Currywurst
Gnáthóg: An Ghearmáin
Comhábhair: ispín friochta, citseap, púdar curaí



Ainm: Frito Pie
Gnáthóg: Texas
Comhábhair: mála criospaí Fritos™ (arbhar Indian, salann, ola),
chile con carne, cáis

Is oth liom a admháil nár bhlais aon cheann de na - umm - sainbhianna seo riamh. Is cosúil go bhfuil a lán daoine sna tíortha seo nach féidir a ndóthain a fháil díobh. Nod libh go bhfuil trí phríomh-chomhábhar i ngach ceann.

25 Eanáir 2011

Is mithid.



Cumhacht leis an gCosmhuintir!

ag damhsa ag cúig mhí



Tá féith an rince sa leaid beag seo!

24 Eanáir 2011

tualaing = in inmhe chuig


ni tualaing mór

nad fhulaing

nó nad geib in mbec.

An té nach bhfulaingíonn an beag nó nach nglacann leis, níl sé in ann ag an mór.

Tá seanscéal againn faoin lá a fuair Cú Chulainn bás. Ba gheis dó dul thar thine cócaireachta gan mhír den bhia a bhlaiseadh, agus ba gheis dó feoil mhadra a ithe. An lá sin chonaic sé triúr cailleach ar thaobh an bhóthair. Bhí siad ag bruith madra ar thine caorthainn. Is léir gur ag fanacht leis a bhí siad! Thug sé iarracht ar dhul tharstu ach ghlaoigh siad air agus d'iarr air cuid den fheoil a chaitheamh leo. Dhiúltaigh sé. Ansin dúirt duine de na cailleacha nach raibh Cú sásta bheith i gcuibhreann leo toisc nach féasta mór a bhí ann. Ansin dúirt sí an méid thuas leis le náire a chur air. D'oibrigh an cleas sin. D'ith sé agus choill sé a gheis! Bhí a phort seinnte ag an nóiméad sin.

Tá mé cinnte nár chum an chailleach - nó údar an scéil - an t-achasán sin. Seanfhocal a bhí ann cheana féin. Is dócha freisin go raibh leagan níos giorra de ann, mar atá:

Ní túalaing mór nad·fhulaing in mbec.

An té nár fhulaing an beag, ní tualaing é an mór.

Tá an píosa gaoise seo sa chnuasach Sengoídelc anois.

22 Eanáir 2011

réidh & aimhréidh



Rop réid rémunn cech n-aimréid!

Go raibh réidh romhainn gach aimhréidh!

Tá mé díreach tar éis an bheannacht seo, ó “Hymnus S. Colmani Mic Ui Cluasaigh,” a chur leis an gcnuasach Sengoídelc. Níl a fhios agam, áfach, an bhfuil mé i bhfách le comhlíonadh na guí seo go huile is go hiomlán. Is minic a bhíonn cosán réidh beagán leadránach.

20 Eanáir 2011

seancheann maith



- Aidh sae, tá díomá an domhain orm gur lig tú broim roimh mo bhean!

- An-bhrón orm, ól tseap! Ní raibh a fhios agam gurbh é a seal é.

18 Eanáir 2011

Tá an t-impire gan éadach...


... ach is cuma sa sioc le Fianna Fáil é sin. An féidir libh é sin a mhíniú dom? I níos lú ná fiche focal? Mar haiku??

Impire nó alpaire,
clampaire nó liopaire,
prompaire nó ropaire,
trumpaire nó úspaire?

17 Eanáir 2011

trí aistriúchán nua


Neil McLeod, cara liom san Astráil,
a chuir an buidéal fíona chugam.

Is dócha gur cuimhin le cuid agaibh go raibh scéim ar siúl agam leis an scéilín grinn Sean-Ghaeilge faoi thriúr manach a dhiúltaigh don saol a aistriú go dtí a lán teangacha éagsúla. Lig mé mo mhaidí le sruth ar feadh tamaill, ach tá mo chuid eangacha curtha agam arís. Tá trí aistriúchán nua ar an suíomh inniu: Gréigis Chlasaiceach, Gréigis an Tiomna Nua, agus Polari.

16 Eanáir 2011

I bhfad uainn an drochrud!



Seo ceann de na cláir fhógraí atá le feiceáil le déanaí sa chathair Split sa Chróit. Impíonn sé:

A Bhanríon na gCrótach,
sábháil muid ar dhul isteach san Aontas Eorpach!

Ní féidir liom an cló beag a léamh, ach is cosúil go luaitear bia GM, coir, truailliú, agus fiach i measc na n-olc a thiocfadh le ballraíocht san AE.

15 Eanáir 2011

quinoa agus bia ársa na hÉireann


Quinoa: síolta beaga a bhfuil próitéin iomlán iontu .i. na hocht n-aimínaigéad riachtanach. Tógtar quinoa sna hAindéis den chuid is mó, ach tá sé ar fáil in ollmhargaí ar fud na hEorpa agus Mheiriceá anois.


quinoa bán agus quinoa dubh

Chenopodium quinoa an t-ainm déthéarmach oifigiúil atá air. Tá planda eile ann atá gar i ngaol leis, Chenopodium album, planda atá sách coitianta mar “fhiaile” san Eoraip agus ina lán áiteanna eile.

Cuid de na hainmneacha a thugtar nó a thugtaí ar in Éirinn ná biacon-weed, dirtweed, dirty dick, drought-weed, fat hen, frostbite, hen-fat, lamb's-quarters, lamb's-tongue, mails, melgs, myles, milds, muck-weed, mutton-tops, rag jag, wild spinach. “Blonagán bán” atá air i nGaeilge, chomh maith le “Lus coise gé”.

Itear na duilleoga bruite mar spionáiste nó amh i sailéidí. Ach tráth den saol, d'ití na síolta freisin in Éirinn, síolta beaga atá an-chosúil le quinoa. Scríobh Fergus Kelly an méid seo faoi in Early Irish Farming (1998):

Pre-Norman sites in Ireland often contain abundant traces of fat-hen (Chenopodium album). Seeds occur in faecal material, and so must have been of significance in the human diet.

Deir sé freisin nach bhfuil a fhios aige cén t-ainm a bhí air i Sean-Ghaeilge. Is trua sin, ach is dócha go raibh na duilleoga agus na síolta seo ró-umhal le háit a fháil i scéalta na ríthe agus i mbeathaí na naomh.

Chenopodium album

Pé scéal é, fásann blonagán bán abhus anseo freisin. Léigh mé gur mheasc na daoine Zuñi na síolta le min bhuí le domplagáin a dhéanamh, agus gur chuir na daoine geala a tháinig isteach sa tír iad ina gcuid muffins agus biscuits. Tá súil agam go mbeidh mé in ann cúpla dornán acu a chnuasach i mbliana le go mbeidh deis agam iad a bhlaiseadh.

14 Eanáir 2011

Conas a deirtear é?




Tá cathaoirleach nua ag an bPáirtí Poblachtánach anseo i Meiriceá. Bhí spéis agam sa nuacht seo toisc nach raibh barúil dá laghad agam conas a ainm agus a shloinne, Reince Priebus, a fhuaimniú. Cheadaigh mé Google, mar is gnách linn, agus tá a fhios agam anois. Rith sé liom, ag an am céanna, go bhfuil cúpla boc mór eile sa pháirtí céanna a bhfuil sloinnte orthu nach bhfuil chomh trédhearcach le Smith agus Dolan. Seo agaibh toradh mo thaighde:

Reince Priebus “Rynce Pree-bus” / rains 'pri:·bǝs /

Tim Pawlenty “Tim Puh-lenty” / pǝ·'len·ti: /

John Boehner “John Bane-er” / 'bei·nɚ /

Maidir leis an litir “ɚ”, is comhartha IPA í. “R rhotach” nó "guta R-dhaite" a thugtar ar an bhfuaim seo. Tá sí le fáil i níos lú ná 1% de theangacha an domhain. Yurok, mar shampla, teanga leathmharbh i dTuaisceart Chalifornia. Agus dhá theanga eile: Béarla Meiriceánach agus Mandairínis!

13 Eanáir 2011

theriocephalic


Tá ceann eilifinte ar Ganesha. Tá ceann seacáil ar Anubis. Tá ceann seabhaic ar Horus. Tá siad theriocephalic dá bhrí sin. Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá ar an bhfocal seo. Teiriaceifileach? Pé scéal é, tá cinn ainmhithe orthu.


Agus seo Críostóir Naofa, an naomh concheannach. Bhabh! (Nó badh-bhabh?) Ní raibh a fhios agam go dtí arú inné go raibh a leithéid ann i measc na gCríostaithe freisin. Is cosúil nach raibh íomhá de Chríostóir ina sheanduine ag trasnú abhainn le naíonán ar a ghualainn in Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir ar chor ar bith. In áit naíonán ar a ghuallí, is concheann a bhí orthu!

Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil sé níos cosúla le capall ná le cú sna híocóin seo thíos. Críostóir Eachbhéal? (Bhí Echbél mac Dedad againn in Scéal Muice Mhac Dathó. Ní fíor, áfach, go bhfuair an grúpa Horslips a n-ainm ón laoch sin.)



12 Eanáir 2011

idir mharbh agus bheo


misi mac in fir mairb ac triall a tir na mbeo

mise mac an fhir mhairbh ag triall (isteach?) i dtír na mbeo

Scríobhaí darbh ainm Eogan Óg a bhreac na focail sin síos sa Leabhar Breac (lch. 152). Dúirt sé ina dhiaidh sin “tabuir bennacht do raith m'anama, a duine trocairig eigin.”

Tá fadhb bheag againn anseo. Is minic a scríobhtaí “a” in ionad “i” sna lámhscríbhinní. Más amhlaidh atá sé sa chás seo, is féidir dhá bhrí a bhaint as an réamhfhocal “i” sa tSean-Ghaeilge, mar atá “in” agus “into”. Tá Eogan ag rá linn go bhfuil sé ag triall “i dtír na mbeo” - nó “isteach i dtír na mbeo”.

Más ionann “tír na mbeo” agus “Tír na nÓg / Tír na mBan / Tír Tairngire”, mar is iondúil inár litríocht, is ainm eile é ar an alltar, an saol eile, neamh, etc. Ach bheinn ag súil leis an réamhfhocal “do” sa chás seo: “to heaven, to the land of the living, etc.” in áit “into heaven”.

An é an chaoi gurb ionann “tír na mbeo” an saol seo a bhfuil daoine beo ann, ár saol laethúil sa nóta imill seo?


Denis O'Brien agus an Margadh Iarainn



Tá an milliúnaí Éireannach Denis O’Brien tar éis $12 milliún dá chuid airgid féin a thabhairt uaidh leis an Marché en Fer, seoid chultúrach i lár Port-au-Prince, a atógáil. Tá an margadh poiblí réidh anois agus tá na trádálaithe beaga ag teacht ar ais, ag clárú le haghaidh stainníní ann. Tógadh an Margadh Iarainn sa naoú haois déag agus ba íocón náisúnta riamh é. Tá íomhá de ar an nóta bainc 1000 Gourdes:



Tá sciar tábhachtach de mhargadh na bhfón póca i Háítí ag Digicel, comhlacht an Uasail O’Brien. Tá suim ar leith aige sa tír sin dá bhrí sin. Ba mhaith leis dul chun cinn a chothú i Háítí, ar son na ndaoine agus ar a shon féin. “As a company, we're more aligned to the masses than to the elites,” a dúirt sé, ag míniú a bhaint féin leis an Margadh Iarainn.


Pictiúr den Mhargadh Iarainn tar éis an chreatha talún

Tá mé cinnte gur rud maith í atógáil an mhargaidh phoiblí seo, agus is dóigh liom go bhfuil bualadh bos tuilte ag Denis O’Brien. Is mór an trua é, áfach, nach raibh Háítí in inmhe an tógra seo a chur i gcrích as a stuaim féin. Is basket case í Háítí chomh fada siar agus atá cuimhne agamsa uirthi. “The Republic of NGOs” a thugtar uirthi i measc na 3,000 acu atá ag obair inti. Tá 12,000 coimeádaí síochána de chuid na Náisiún Aontaithe i Háítí anois, a dhéanann an méid póilíneachta atá le fáil ansin.

11 Eanáir 2011

essay question



“Níl an t-am atá thart thart ar fad. Bíonn cuid den am i láthair ann i gcónaí.” Pléigh.

Fuair mé an ráiteas gnómach seo ón údar Craig Childs i dteachtaireacht ríomhphoist an tseachtain seo caite (nach bhfuil caite ar fad, de réir dealraimh). I mBéarla a dúirt sé é, ar ndóigh: “The past never is just that, the past, it always has some present in it.”

10 Eanáir 2011

leabhar dathúcháin?



Cur lob~ dia dema~~ beth a cur

Gur logha Dia d'Éamann bheith ag cur



datha sa leabhur so aidchi domnaid

datha sa leabhar seo oíche Domhnaigh.



Tá an ghuí cheartaiseach seo le fáil sa lámhscríbhinn Laud 610 (fo. 116r). Seo thuas sampla den dathú atá i gceist, beagán deirg curtha ar na ceannlitreacha sa téacs. Rúibriciú an t-ainm teicniúil ar a leithéid.

Más ar oíche Domhnaigh a bhí Éamann ag rúibriciú leis, ní ar an lá féin, cá raibh an fhadhb? Ní hansa. De réir dlí eaglasta na hÉireann, lean an tSabóid ó easparta Dé Sathairn go teirt Dé Luain, .i. ó dhul faoi na gréine an lá roimhe go dtí a naoi a chlog an lá ina dhiaidh.

Savage America


Scríobh Séamas Poncán inniu:

“Chuala sibh, is dócha, gur lámhaíodh a lán daoine in Tuscon Arizona ar an deireadh seachtaine. Chuala sibh, gan dabht, to bhfuil daoine ag díriú a méara i dtreo Sarah Palin agus lucht na cóisire tae.”

Chuala, agus ní gan fáth atá an mhéar á treorú:


Treoracha gunna iad seo.

Chuir Ms. Palin a gcuid naimhde sa chross hairs gan dul ar chúl scéiche leis. Agus ná ligimis i ndearmad a mana clúiteach: “Don't retreat, RELOAD!”

Agus seo a ndúirt Ms. Giffords tamall ó shin le linn agallaimh:

“The way that she has it depicted has the crosshairs of a gun sight over our district, when people do that, they have got to realize there are consequences to that."

09 Eanáir 2011

Ná déan nós agus ná bris nós.


Cén tír í seo?

Leid: má chailleann tú toghchán anseo brisfear do chosa.

08 Eanáir 2011

dathanna na ngaoth


léaráid as A Social History of Ancient Ireland, vol. II
le Patrick Weston Joyce (1903)

Chreid ár sinsir go raibh dathanna ar na gaotha. Tá cur síos orthu in Saltair na Rann, dán fada i Meán-Ghaeilge ina ríomhtar stair an domhain de réir an Bhíobla - a bheag nó a mhór. Seo dhá rann as an Saltair mar shampla. Tá níos mó ná an méid seo ann faoi na gaotha agus a ndathanna:

In gel, in c[h]orcarda glan,
in glas, ind uaine allmar,
in buidi, in derg, derb dána,
nísgaib ferg fri sodála.

An (ghaoth) gheal, an chorcra ghlan,
an ghlas, an uaine ollmhór,
an bhuí, an dearg, dán dearbh,
ní ghabhann fearg iad ina so-dhálaí.*

*Ní thagann fearg orthu nuair a bhuaileann siad go séimh le chéile.

In dub, ind líath, ind alad,
in temen, in chiar chalad,
ind odar, doirchi datha,
nídat soirchi sogabtha.


An dubh, an liath, an bhreac,
an teimhleach, an chiar chrua,
an odhar, dathanna dorcha,
níl siad sorcha so-ghafa.

Níl na Sean-Ghaeil ina n-aonar maidir leis an gcreideamh seo. Deir na Navajo in Arizona agus New Mexico go bhfuil dathanna ar na gaotha freisin. Seo amhrán a chum Sharon Burch faoi seo:





Diyin dine’é, diyin dine’é,
Niłch’i áyiilaa.
Níyol éí áníí lá, bílátahdi,
Ha’noots’ee’go áyiilaa
Níyol, níyol.

Na daoine naofa, na daoine naofa,
Rinne siad an t-aer.
Deir an ghaoth go ndearna sí na bíseanna
ar cheann lámha na ndaoine.
An ghaoth, an ghaoth.

A’la’ łáa’ii, níyol łizhiní.
A’la’ naakii’, níyol dootł’izhii.
A’la’ ałníí’ii, níyol łitsooí.
A’la’ ya’zhi’, níyol łigaii.

Méar a haon, an ghaoth dhubh.
Méar a dó, an ghaoth ghormghlas.
Méar a trí, an ghaoth bhuí.
Méar a ceathair, an ghaoth gheal.

Craig Childs


Tá mé faoi dhraíocht ag údar ar tháinig mé air de thaisme cúpla seachtain ó shin. Craig Childs is ainm dó agus House of Rain an teideal atá ar an leabhar a fuair ar an tseilf i siopa leabhar mór anseo i Seattle. Léigh mé go luath é, agus ceann eile leis ansin, Finders Keepers, agus tá The Secret Knowledge of Water á léamh agam anois.


Rugadh is tógadh Craig in Iardheisceart Mheiriceá, agus tá sé tar éis cuid mhór dá shaol a chaitheamh ag fánaíocht ann, de shiúl na gcos agus leis féin go minic. Is fear léannta tuisceanach é. Agus - an rud is tábhachtaí ar fad, ós údar é - is scéalaí agus scríbhneoir iontach é.



Seo radharc ar chuid de Mesa Verde, fothrach Anasazi i ndeisceart Colorado. An tsibhialtacht Anasazi is ábhar do House of Rain.


Cliceáil air seo le dul go díreach chuig YouTube.

Agus seo físeán de Chraig ag caint ar slot canyons, saintréith amháin den Iardheisceart agus cuid lárnach den scannán nua 127 Hours.