08 Eanáir 2011

Craig Childs


Tá mé faoi dhraíocht ag údar ar tháinig mé air de thaisme cúpla seachtain ó shin. Craig Childs is ainm dó agus House of Rain an teideal atá ar an leabhar a fuair ar an tseilf i siopa leabhar mór anseo i Seattle. Léigh mé go luath é, agus ceann eile leis ansin, Finders Keepers, agus tá The Secret Knowledge of Water á léamh agam anois.


Rugadh is tógadh Craig in Iardheisceart Mheiriceá, agus tá sé tar éis cuid mhór dá shaol a chaitheamh ag fánaíocht ann, de shiúl na gcos agus leis féin go minic. Is fear léannta tuisceanach é. Agus - an rud is tábhachtaí ar fad, ós údar é - is scéalaí agus scríbhneoir iontach é.



Seo radharc ar chuid de Mesa Verde, fothrach Anasazi i ndeisceart Colorado. An tsibhialtacht Anasazi is ábhar do House of Rain.


Cliceáil air seo le dul go díreach chuig YouTube.

Agus seo físeán de Chraig ag caint ar slot canyons, saintréith amháin den Iardheisceart agus cuid lárnach den scannán nua 127 Hours.

3 comments:

  1. Táim ag tnúth go mór le 127 hours a fheiceáil :)

    ReplyDelete
  2. Féach http://seofocaniontach.blogspot.com/ le léirmheas ar an scannán a léamh!

    E ó SeoFocanIontach.com

    ReplyDelete
  3. Tá sé ar bharr mo liosta “le feiceáil” freisin. Go raibh maith agat as an léirmheas, a SFI, agus as muid a chur ar an eolas faoi do bhlag.

    ReplyDelete