08 Eanáir 2011

dáiríre píre?


LS Laud 610: nóta ar imeall íochtarach fol. 32r

Cuma lium cid toll mo lend
cuma lium cid seang mo brū
is rocuma lium go derb
gidh robeg mo shealb do bhū.

Cuma liom cé gur toll mo leann*
cuma liom cé gur seang mo bholg
is ró-chuma liom go dearbh
cé gur ró-bheag mo shealbh de bhólacht.

*cé go bhfuil poill i mo bhrat

An gcreideann tú mo dhuine? Nó an sampla fileata de shilíní searbha é an rann seo?

7 comments:

  1. ....chomh fada agus a bhfuil teas ann sa scriptorium ???

    (.i. "mar uar dom" !)

    ReplyDelete
  2. An aiséiteach é? Nó díthreabhach? Nó duine ag caoineadh bás a charad??

    Tá a fhios agat, a Dennis, go bhfuil sliocht as Laud 610 á phlé thall ar Old Irish L. An bhfuil macasamhail den lámhscríbhinn ar fáil ar an idirlíon?

    ReplyDelete
  3. Ní sé soiléir cad go díreach is cuma leis; mar sin, deacair a rá.

    ReplyDelete
  4. @ Lorcán - scriptorium te teolaí? An ag magadh atá tú?
    ;-)

    @ Liz - Tá, anseo. LS eile atá “i seilbh na nGall”!

    @ Aonghus - Is cosúil gur scoláire bocht atá ann.

    ReplyDelete
  5. Is léir gur chreid sé féin é! Má chreid...:-)

    ReplyDelete
  6. b'fhéidir gur rún a bhí aige don athbhliain!

    ReplyDelete
  7. Creidim mo dhuine go dearfa!

    Má tá Dia leat, ní mheánn faic brobh.

    Tuigim áfach san aonú aois fichead go bhfuil coincheap Dé cigilteach agus seachantach do lucht tomhaltais an chéad domhain.


    Fearn

    ReplyDelete